Skip to content

Oidhreacht Éireann

An Mhainistir Liath – Mainistir Chistéirseach

Is léir an stíl Ghotach anseo

Unguided sites

An Mhainistir Liath
Contae Thiobraid Árann

An Mhainistir Liath – Mainistir Chistéirseach

Is léir an stíl Ghotach anseo

Unguided sites

An Mhainistir Liath
Contae Thiobraid Árann

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea an Mhainistir Liath atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Tabhair faoi deara: uaireanta bíonn beostoc sa pháirc atá mórthimpeall an tséadchomhartha seo*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

An Mhainistir Liath – Mainistir Chistéirseach

Suite ar imeall thuaidh bhaile an Chaisil atá fothracha den Mhainistir Liath. Bhí an Mhainistir Chistéirseach seo ar an bhfotha deiridh Éireannach den ord seo roimh an Reifirméisean. Mar sin féin ba mhainistir Bheinidicteach é sula raibh sé ina Mhainistir Chistéirseach. Creidtear gur chuir Ardeaspag an Chaisil, David McCarville na Cistéirsigh in ionad na mBeinidicteach agus creidtear go bhfuil sé adhlactha ag an mainistir.

Tar éis dhíscaoileadh na mainistreacha in 1540, úsáideadh an saingeal mar shéipéal paróiste. Chuaigh tailte na mainistreach trí lámha éagsúla lena n-áirítear 9ú Iarla Urumhan, Séamus de Buitléir, sular bhronn an Bhanríon Eilís I na tailte ar 4ú Iarla Sussex, an Ridire Henry Radcliffe, in 1561. Baineadh a shealúchais Éireannacha ó Radcliffe nuair a ciontaíodh as éilliú é. Tar éis do Radcliffe diúltú don chúiteamh a bhí sé dlite a íoc, cuireadh sa phríosún é in 1565, agus d’fhág sé Éirinn le cur faoi go buan i Sasana.

Is séipéal Gotach crosdealbhach, túr agus clabhstra a bhfuil a aghaidh ó thuaidh í an Mhainistir Liath, ag féachaint amach i dtreo Charraig Phádraig. Tá cuid mhaith den mhainistir fós ina seasamh, lena n-áirítear an mheánlann, na pasáistí agus na croslanna, an sacraistí, an sorn agus an teach caibidle agus an saingeal. Tá altóir mhór chloiche fós ann, linn ionnalta dhúbailte, agus sedilia, a bhfuil solas acu ó fhuinneoga ceann címe. Tá dhá thuama cinn thriantánacha agus píosa de stuara clabhstra dhá chéim fós ann.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoin Mhainistir Liath

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol