An Mhainistir Thuaidh – Mainistir na nDoiminiceach
Is é an fear céanna a bhunaigh Eochaill a bhunaigh an mhainistir seo
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea an Mainistir Thuaidh
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
An Mhainistir Thuaidh – Mainistir na nDoiminiceach
Ar an taobh ó thuaidh de phríomhreilig bhaile Eochaille tá fothracha na Mainistreach Thuaidh, nó Prióireacht Mhuire na nGrást. Is é Thomas Fitzmaurice Fitzgerald, 2ú Barún Dheasumhan a bhunaigh Mainistir na nDoiminiceach in 1268, agus creidtear gur ann atá sé curtha. Is féidir dealbh eabhartha den Mhaighdean agus den leanbh ar thángthas air anseo a fheiceáil i bPrióireacht Dhoiminiceach Mhuire i gCathair Chorcaí. Bronnadh an mhainistir ar Sir Walter Raleigh in 1587, ach scriosadh arís í an bhliain chéanna.
Tá píosaí de na ballaí binne, an balla taca, áirsí fuinneoige, doirse, agus den mheánlann ann fós. Tá roinnt gnéithe ailtireachta fós le feiceáil – colún cnuasta, gafa, a mhullach colúin maisithe le móitíf chonfhiaclach agus fothrach áirse ag preabadh ó ursain le mullach colúin múnlaithe agus banda coise, le fleasca agus bandaí caolaithe.
Tugann na saineolaithe le fios, bunaithe ar stíl na ngnéithe ailtireachta sin, agus an chosúlacht atá acu le Mainistir Dhoiminiceach Chill Mocheallóg, go raibh baint ag 1ú hIarla Dheasumhan, Maurice FitzGerald (a fuair bás in 1356), arbh é mac bhunaitheoir Eochaille é, Thomas Fitzmaurice Fitzgerald, le coimisiúnú a chláir mhaisithe.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoin Mainistir Thuaidh
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Dhún Garbhán
Turas ar ais chuig tús riail na nAngla-Normannach in Éirinn
Timpeall 22.0 km ón An Mhainistir Thuaidh – Mainistir na nDoiminiceach
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 28.3 km ón An Mhainistir Thuaidh – Mainistir na nDoiminiceach
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 31.8 km ón An Mhainistir Thuaidh – Mainistir na nDoiminiceach
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 44.7 km ón An Mhainistir Thuaidh – Mainistir na nDoiminiceach
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 45.2 km ón An Mhainistir Thuaidh – Mainistir na nDoiminiceach
Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
Timpeall 46.6 km ón An Mhainistir Thuaidh – Mainistir na nDoiminiceach