Baois Uí Chonghaile
Séadchomhartha 140 troigh ar airde a tógadh le haghaidh fhóirithint na mbocht
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Baois Uí Chonghaile atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Baois Uí Chonghaile
Is struchtúr maisiúcháin é Baois Uí Chonghaile atá 140 troigh ar airde, agus é suite ar chúlrach maisithe Eastát Bhaile an Chaisleáin i gCo. Chill Dara.
Ainmníodh an séadchomhartha in ómós Liam Uí Chonghaile, a toghadh faoi dhó mar Spéicéir Theach na dTeachtaí in Éirinn. Bhí aithne mhór ar Ó Conghaile i gCill Dara, toisc gur cheannaigh sé cuid mhaith den talamh agus na heastáit sa cheantar, ina measc Eastát Bhaile an Chaisleáin in 1709, agus Mainéar Léim an Bhradáin in 1728.
Fuair Ó Conghaile bás in 1729, agus rinne a bhanchéile Katherine coimisiúnú ar an mBaois in 1740, mar chuimhneachán dá fear céile, agus ar mhaithe le fostaíocht a chur ar fáil do na boicht i gCill Droichid le linn an Ghorta in 1740-41.
Ba struchtúir ornáideacha a bhí sna baoiseanna go minic agus mhaisigh siad an tírdhreach ina raibh siad suite. Is é an dearthóir Richard Cassels (nó Castle) a dhear an bhaois, agus tá áirsí éagsúla i mBaois Uí Chonghaile le maisiúcháin d’anann agus den iolar, agus colún mór oibilisc ina croí. Ba mhinic a deirtí gur chomhartha airgid agus saibhris a bhí san anann, agus ba chomhartha nirt agus cumhachta a bhí san iolar de ghnáth.
Tá ceangal mór ag an mBaois freisin le Cumann Seoirseach na hÉireann, a bunaíodh in 1958.
Baineann a n-éiteas leis an ailtireacht Sheoirseach in Éirinn a chaomhnú, cúram a tosaíodh in 1962 nuair a rinneadh athchóiriú ar Bhaois Uí Chonghaile. Is ar an gcúis sin gurb í an Bhaois an lógó atá ag an gCumann fós sa lá atá inniu ann.
Adhlacadh comhbhunaitheoir an Chumainn, Mariga Guinness, faoin áirse láir in 1989.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Mhaigh Nuad
Spléachadh ar shaol i ndaingean Normannach
Timpeall 2.6 km ón Baois Uí Chonghaile
Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin
An chéad teach mór Pallaidiach in Éirinn agus an ceann is breátha
Timpeall 3.0 km ón Baois Uí Chonghaile
Teach agus Gairdíní Farmleigh
Teach mór eicléictiúil Éadbhardach agus teach aíochta stát na hÉireann
Timpeall 13.3 km ón Baois Uí Chonghaile
Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus Caisleán Bhaile an Ásaigh
Seoid mheánaoiseach athaimsithe agus a diméin
Timpeall 15.2 km ón Baois Uí Chonghaile
Páirc an Fhionnuisce agus Lárionad Bithéagsúlachta
An áit a nglactar anáil i mBaile Átha Cliath
Timpeall 15.3 km ón Baois Uí Chonghaile
Áras an Uachtaráin
Blaiseadh de ghalántacht uachtaránachta
Timpeall 16.0 km ón Baois Uí Chonghaile