Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Chúil Choll atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
*Tabhair do d’aire go bhfuil an séadchomhartha seo suite i bpáirc feirmeoireachta*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Chúil Choll
Is sampla breá de theach daingnithe é Caisleán Chúil Choll, atá níos lú ná 5km ó Dhroichead Eoin ar Shlí na Normannach. Gabhann dáta an tí siar go dtí an dara leath den 16ú haois, agus is bloc dronuilleogach trí stór é ina bhfuil túr ceithre stór ar airde ar an taobh thiar de. Is eibhear atá i gcloch chóirithe uile an tí, le cúinní eibhir agus is eibhear atá sna cíortha lámhaigh céimnithe sa ghnáth-dhearadh Éireannach, in éineacht leis na coirbéil inmheánacha.
Gabhann tú isteach sa túr trí dhoras rinneach ar an mballa ó thuaidh, atá á chosaint ag geata sparraí iarainn (doras cosanta miotail taobh amuigh) agus poll lámhaigh atá greamaithe den uchtbhalla lasnairde. Is féidir dul chomh fada le hurláir uachtair an túir trí ráille staighre. Ón doras ar an mballa taobh thoir den túr téann tú chuig bunurlár an tí. Ardaíonn an ráille staighre go tuathalach agus bhí doirsí ag imeacht uaidh ag dul isteach sa phríomhtheach de réir mar a ardaíonn an staighre agus chuig na seomraí eile cosúil leis na clóiséid.
Tá tinteán fós ar bhalla thoir chéad urlár an túir. Is fuinneoga seaimféaráilte ceannchruinn aon léis iad na fuinneoga ar an mballa ó thuaidh le fuinneog amháin ceannchruinn dhá léis atá díreach mar an gcéanna leis an bhfuinneog ar an mballa ó dheas. Tá dhá fhuinneog seaimféaráilte ceannchruinn aon léis ar an mballa ó dheas agus fuinneog amháin ceannchruinn dhá léis.
Tá dhá fhuinneog shimplí ar an dara hurlár, sna ballaí ó thuaidh agus ó dheas.
Sroichtear an tríú hurlár tríd an ráille staighre, ar an taobh ó thuaidh den túr. Ón staighre múrach ag ceann ó dheas an túir téann tú amach chomh fada le huchtbhallaí atá caomhnaithe go breá, lena gcúig mheiril trí chéim. Tá trí lúb-phiostal aonair sa pholl lámhaigh agus dhá lúb-scoilte ag cumhdach na mballaí thuaidh agus thoir. Is léir gur cuireadh díon nua air. Ní féidir dul isteach sa túr.
Is bloc trí stór é an teach daingnithe, le cíortha lámhaigh mar an gcéanna leis an túr, agus seans gurb é teaghlach Devereux a thóg an dá cheann. Chuaigh túir as feidhm nuair a tosaíodh ag úsáid airtléire agus de ghnáth thóg teaghlaigh teach nua-aimseartha a bhí i bhfostú de thúr níos sine. Tríd úsáid a bhaint as an Suirbhé Sibhialta, is eol go raibh 240 acra ag Nicholas Deveraux san iomlán i gCúil Choll in 1640. Le linn thréimhse Chromail tugadh an talamh agus an teach mór seo d’Iarla Inis Món. Níl an stair dheireanach a bhain leis an láthair, ach an oiread le stair luath an láithreáin, ar eolas.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Chúil Choll
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Mainistir Chistéirseach Tintern
Áit a raibh manaigh ag obair go dian agus áit inar cruthaíodh oidhreachtaí
Timpeall 9.1 km ón Caisleán Chúil Choll
Caisleán Bhaile Hac
Faigh blaiseadh de shaol na Meánaoiseanna
Timpeall 17.9 km ón Caisleán Chúil Choll
Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK
Crannlann atá ar mhéid uachtaránachta.
Timpeall 18.3 km ón Caisleán Chúil Choll