Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Mhala
*Tá an láithreán dúnta faoi láthair le haghaidh oibreacha atá ar bun faoi láthair – Ní Féidir Féachaint air ach ón Taobh Amuigh Amháin*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Mhala
I gcroílár bhaile Mhala tá coimpléacs foirgneamh, lena n-áirítear fothracha caisleáin agus teach daingnithe, chomh maith le 33 acra de ghairdín agus fearann páirce, agus is cuid de Chaisleán Mhala iad ar fad.
Is foirgneamh dronuilleogach trí stór é an teach daingnithe, ar stíl Sheacaibíneach agus tá túir ar a choirnéil. Tá dhá bhealach isteach sa teach daingnithe, agus tá colbhaí dorais maisithe ar an bpéire. Tá na hurláir adhmaid taobh istigh imithe le fada an lá, ach tá soicéid ghiarsaí fós ann. Tá neart solais ag teacht isteach sa teach, agus tá tinteáin agus strapaí gunnaí ar fud na háite.
Is é Sir Thomas Norreys, Tiarna Uachtarán Mhumhan a thóg an teach, sa 16ú haois. Ceaptar go raibh cónaí ar Norreys sa chaisleán, a mbíodh muintir Mhic Gearailt ann ar dtús, fad agus a bhí a theach nua daingnithe á thógáil. Is é teach daingnithe Norreys an teach daingnithe ba luaithe i gCorcaigh, ag léiriú an aistrithe ó chosaint go compord.
Tar éis do Norreys bás a fháil fuair a iníon Elizabeth, agus a fear céile, Sir John Jephson, an láithreán le hoidhreacht agus d’fhan sé in úinéireacht a sleachta ar feadh 400 bliain. Ionsaíodh é le linn Chogaí na Comhdhála in Éirinn agus le linn Chogadh an Dá Rí. Roghnaigh muintir Jephson teach nua a thógáil ar láthair gar don seanchaisleán. Ina dhiaidh sin, in 1984, díoladh an láithreán le muintir McGinn agus is le Comhairle Contae Chorcaí é anois.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Mhala
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 9.9 km ón Caisleán Mhala
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 13.5 km ón Caisleán Mhala
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 35.0 km ón Caisleán Mhala
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 36.4 km ón Caisleán Mhala
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 44.0 km ón Caisleán Mhala
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 45.4 km ón Caisleán Mhala