Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cros Charraig an Dísirt

Cros chuimhneacháin

Unguided sites

Carraig an Dísirt
Contae na Mí

Cros Charraig an Dísirt

Cros chuimhneacháin

Unguided sites

Carraig an Dísirt
Contae na Mí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Cros Charraig an Dísirt atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cros Charraig an Dísirt

Thóg an Bhantiarna Sinéad Dúdal an chros cois bóthair seo thart faoin mbliain 1607 dá dara fear céile, Oilibhéar Pluincéid, Barún Lú. Is ann do chros eile i gContae na Mí, Cros Bhán Áth Carn, a thóg Dúdal dá dara fear céile freisin. Leathcheann í an chros seo; tá an ceann eile i mBaile an Tallúnaigh.

Tá Cros Charraig an Dísirt déanta as aolchloch. Tugtar Crois Bhaile an Bharraigh uirthi fosta. Tá inscríbhinní, fíoríomhánna agus sciatha araltais ar na ceithre thaobh.

An Taobh Thiar = Tá íomhá de Naomh Peadar le feiceáil agus eochracha ina lámh aige; tá inscríbhinn faoina bun, “iarrtar ortsa, Naomh Peadar, guí ar son anamacha Oilibhéir Pluincéid, Barún Lú, agus Shinéad Dúdal, a bhean chéile.”

An Taobh Thoir = Tá íomhá de Naomh Pádraig le feiceáil; tá bachall i lámh amháin aige agus tá beannacht á tabhairt aige leis an lámh eile. Deir an inscríbhinn faoina bun: “Iarraim ortsa, Naomh Pádraig, guí ar son anamacha Oilibhéir Pluincéid, Barún Lú, agus Shinéad Dúdal, a bhean chéile.”

An Taobh Thuaidh = Tá sciath ar an taobh seo ar a bhfuil na hinisealacha O.P. agus J.D. inscríofa. Deir an inscríbhinn faoina bun: “Rinne an Bhantiarna Sinéad Dúdal, bean chéile Oilibhéir Pluincéid, Barún Lú, nach maireann, an chros seo a thógáil dósan agus di féin sa bhliain d’aois ár dTiarna Dia 16… ar tiarna é a fuair bás an 5 Márta 1607 agus a cuireadh i Séipéal Naomh ‘Tere/In’, Baile an Tallúnaigh, agus guím go ndéana Dia trócaire ar a anam, Áiméan.”

An Taobh Theas = Tá na hinisealacha M.T. agus L.B. os cionn sciath eile agus tá an inscríbhinn seo a leanas faoina bun: “IHS, Muire, Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat, Sé do bheatha, a Mhaighdean rómhilis, máthair Dé, banríon ró-iontach na bhflaitheas, guigh ar son anamacha Oilibhéir Pluincéid agus na Bantiarna Sinéad Dúdal, a bhean chéile, de gheall ar Íosa, do mhac rómhilis.”

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chros Charraig an Dísirt

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol