Skip to content

Oidhreacht Éireann

Dolmain Phroilíg

Áit ina bhfuil fathaigh faoi shuan anois

Unguided sites

Proilíg
Contae Lú

Dolmain Phroilíg

Áit ina bhfuil fathaigh faoi shuan anois

Unguided sites

Proilíg
Contae Lú

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Dolmain Phroilíg

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Dolmain Phroilíg

Tá Dolmain Phroilíg suite taobh istigh de Leithinis Chuaille, agus í ar cheann de na tuamaí meigiliteacha is cáiliúla in Éirinn. Inniu, tá an Dolmain suite i lár an ghalfchúrsa ag Ballymascanlon House Hotel.

Tá trí chos taca inti, agus liag mhullaigh atá thart ar 40 tona meáchain!

Tá roinnt finscéalta atá ceangailte le Dolmain Phroilíg, agus roinnt scéalta spéisiúla ón mbéaloideas ar Dúchas.ie:

  • Cuimhníonn duine amháin gur chuir na ‘daoine aosta fainic air… glanadh amach as an áit roimh an 6 a chlog nó go dtabharfaidh na sióga leat thú go deo. Deirtear gur ann a chruinníonn na sióga le chéile.”
  • Dar le taifead eile gur i bProilíg atá taoiseach curtha… nó fiú fathach.
  • Dar le duine eile de mhuintir na háite go dtugtar Ualach na bhFathach ar Phroilíg: “Deirtear go bhfuair an fathach a chuir suas é bás de bharr go raibh sé ag ól an uisce ón abhainn a raibh nimh curtha ag namhaid ann.”

Creideann roinnt daoine gur iompair fathach darbh ainm Parrah Boug McShagean an Dolmain go hÉirinn as Albain… agus go bhfuil sé curtha in aice láimhe anois.

Ná dearmad ligean d’fhathaigh suain bheith faoi shuan.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Dholmain Phroilíg

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol