Skip to content

Oidhreacht Éireann

Dún Gall

An chéad chaisleán in Éirinn arb eol gur bean a thóg é

Unguided sites

Dún Gall
Contae Lú

Dún Gall

An chéad chaisleán in Éirinn arb eol gur bean a thóg é

Unguided sites

Dún Gall
Contae Lú

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Dún Gall

*Ní cheadaítear ach féachaint ar an gcaisleán ón taobh amuigh toisc go bhfuil oibreacha á ndéanamh ar an taobh istigh i rith an ama*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Dún Gall

Tá Dún Gall suite i mbaile fearainn Dhún Gall, áit atá suite 7.3 ciliméadar (4.5 míle) siar ó thuaidh ó bhaile Dhún Dealgan. Baineann sé leis an 13ú céad agus seasann sé go drámatúil ar cheann tíre ard creagach aolchloiche. Tá radhairc iontacha ansin ar an tír máguaird i ngach treo, lena n-áirítear codanna de Dheisceart Ard Mhacha ar a dtugtar na Feá go ginearálta. Tagann ainm an bhaile fearainn agus an chaisleáin ón bhfocal Fraincise roche (carraig). De réir na seantaifead, thugtaí Castellum de Rupe (an Caisleán ar an gCarraig) ar Dhún Gall. Chuirfeadh a shuíomh maorga síscéal i gcuimhne duit agus ba é an chéad chaisleán in Éirinn arna thógáil ag bean é. Dar leis na taifid gurb é an teorainn is faide ó thuaidh den Pháil é — réimse tionchair geografach na nGall in Éirinn ag deireadh na Meánaoise.

Tháinig Bertram de Bheardún anall as Caisleán Alton in Staffordshire i mí Aibreáin na bliana 1185 mar chuid de chéadchuairt an Rí Eoin ar Éirinn. Dar le bunús na startha faoin gcaisleán gur thóg gariníon Bertram, an Bhantiarna Rohesia (nó Roesia agus Róis) de Bheardún (1204-1247) an caisleán sa bhliain 1236. Ba ise an t-aon iníon, agus leoga an t-aon oidhre, a bhí ag Nioclás de Bheardún (c. 1169-1231) agus an dara bean chéile aige, Clementia de Buitléir. Ba í Rohesia an dara bean chéile a bhí ag Tiobóid de Buitléir (1200-1230), dara Príomhbhuitléir na hÉireann. Ba bhaintreach Thiobóid í fosta. Phós sí é in éadan a tola an 4 Meán Fómhair 1225 ar iarratas pearsanta ón Rí Anraí III. Ar chúiseanna oidhreachta, ghlac a páistí féin an sloinne a bhí aici roimh phósadh di seachas sloinne a n-athar. Baineann sé le dealramh gurbh é a mac, Seán de Bheardún, a chuir deireadh le tógáil an chaisleáin.

Nuair a fuair a fear céile bás go tobann sa Fhrainc sa bhliain 1230 agus é an-óg, d’aistrigh an Bhantiarna Rohesia a teaghlach go dtí a cuid tailte in Éirinn. De réir an tseanchais, gheall sí go bpósfadh sí fear ar bith a bheadh ábalta a rogha chaisleáin a dhearadh. D’éirigh le suiríoch amháin é sin a dhéanamh agus tógadh an caisleán. Ar oíche a bpósta, d’iarr sí ar a fear céile amharc ar a chuid tailte agus sealúchais nua ó fhuinneog a seomra leapa. Ansin, bhrúigh sí é tríd an bhfuinneog chéanna agus maraíodh é nuair a thit sé. Tá a thaibhse sa chaisleán i rith an ama, de réir an fhinscéil. Bean chráifeach ab ea an Bhantiarna Rohesia agus ní b’fhaide anonn ina saol, thart faoin mbliain 1240, bhunaigh sí Prióireacht Agaistíneach Grace Dieu in Leicestershire, Sasana. Chuaigh sí isteach inti mar bhean rialta sa bhliain 1242. Fuair sí bás ansin sa bhliain 1247 agus cuireadh í in eaglais pharóiste Belton in aice láimhe, áit ar féidir a tuama, agus a shamhail atá snoite go haoibhinn, a fheiceáil fós.

Cuireadh struchtúir éagsúla Dhún Gall in airde le go rachaidís timpeall ar mhullach iomlán an chnocáin chreagaigh aird. Agus díoga carraig-ghearrtha thart orthu, téann na ballaí cosanta timpeall ar limistéar a bhfuil cruth neamhrialta triantánach nó leathchiorclach air. Tá ceann de na himbhallaí iontacha beagán faoi bhun 72 méadar (80 slat) ar fad; is é sin an réise is faide. Tá an ceann eile thart faoi 37 méadar (40 slat) ar fad. Bhíodh túr ar a raibh cruth D ag ceann thuaidh an bhalla sin. Tá an chuid is sine den mhórionad ag an gceann theas, áit a bhfuil fothracha daingin, leatha amuigh dhá thúr a bhíodh ciorclach tráth mar aon lena scoilteanna saighead cosanta, agus doras rúide stuach beag. Sainaithníodh an déantús deireanach sin mar theach geata ceart; is é sin le rá go gcuirtear an geata idir dhá thúr gan aon fhoirgneamh tacaíochta taobh thiar de. Bhíodh boghta bairille os cionn urlár na talún sa dhá thúr ceithre stór. Tá sé ráite fosta go mbíodh droichead tógála ann agus léiríonn greanadh ón mbliain 1846 gur tochlaíodh lintéar domhain os coinne na dtúr agus an gheata, ach tá sé líonta anois.

Maidir le forbhallaí an chaisleáin, is léir go bhfuil na huchtbhallaí arb ann dóibh laistigh d’fhad iomlán na n-imbhallaí faoi chíor lámhaigh. Tá scoilt saighead amháin iontu uile nach mór. Tá foirgneamh cónaithe dronuilleogach ó dheas ón teach geata. Tá iarsmaí halla mhóir ar an gcéad urlár den fhoirgneamh sin ina bhfuil trí fhuinneog bhreátha lena n-áirítear suíocháin fuinneoige. Is ann do phasáiste ag ceann theas an bhalla bhinne a bhfuil a aghaidh soir a thugann rochtain ar cheithre scoilt saighead arda a chosnaíonn an bealach isteach go dtí an geata isteach. Tá iarsmaí gné éigin, túr cearnógach nó clúdach tobair b’fhéidir, i lár an chlóis.

Is iomaí iarracht a rinneadh chun an taoiseach Éireannach, Seán Ó Néill (1530-1567), a chloí. Maidir le ceann de na hiarrachtaí sin, iarradh ar Shirriam Bhaile Átha Cliath, agus ar na sirriamaí eile sin i gcontaetha na Páile, na fórsaí Sasanacha uile in Éirinn a chruinniú le chéile faoi choinne slógaidh nó tionóil i nDún Gall an 1 Iúil 1561. Iarradh an méid sin orthu in ordú arna leagan amach i Rollaí na bPaitinní sa tríú bliain de réimeas na Banríona Eilís. Orthu siúd ar cuireadh fios orthu bhí “an uile thiarna, idir spioradálta agus shaolta, ridirí, fir uaisle, saorshealbhóirí, chomh maith le méaraí, báillí, flatha, propaist agus gobharnóirí cathracha agus bailte margaidh, agus gach duine eile ar ghnách le lucht na heaglaise iad a chur chuig a leithéid de shlógadh…” B’éigean dóibh airm a bhreith leo agus lón a mhairfeadh sé seachtaine, chomh maith le vaigín amháin ina mbeadh beirt fhear a mbeadh tua, corrán agus spád acu…”

Bronnadh deontas ar Risteard Beilliú chun deis a chur ar an gcaisleán in 1642. Go luath sa bhliain 1649, cosnaíodh an caisleán in ainm an Rí Séarlas I, an bhliain chéanna inar cuireadh chun báis é. Rinne saighdiúirí in arm Oilibhéir Chromail é a leagan ina dhiaidh sin.

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol