Skip to content

Oidhreacht Éireann

Eaglais Achadh Abhall

“Gort na gcrann úll”

Unguided sites

Achadh Abhall Íochtarach
Contae Chill Mhantáin

Eaglais Achadh Abhall

“Gort na gcrann úll”

Unguided sites

Achadh Abhall Íochtarach
Contae Chill Mhantáin

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Eaglais Achadh Abhall atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Eaglais Achadh Abhall

Tá Eaglais Achadh Abhall suite 8.5 ciliméadar (5.3 míle) siar ó thuaidh ó bhaile Shíol Éalaigh i gCo. Chill Mhantáin agus 11.8 ciliméadar (7.3 míle) soir ó dheas ó bhaile na Tulaí i gCo. Cheatharlach.

Tagann an Béarla ‘Aghowle’ ón nGaeilge “Achadh Abhall’, arb ionann é agus “Gort na gcrann úll”. Tá sé ráite gur suíomh mainistreach a bhí ann, áit a raibh cónaí ar go leor manach, a bhunaigh Naomh Fionnán sa 6ú haois, ar as Cluain Ard, Co. na Mí dó agus a fuair bás timpeall 550 AD. “Múinteoir na Naomh” a thugtaí air. Bhí a leithéid de Naomh Colmcille i measc na mac léinn ba shuntasaí a bhí aige.

Tá an eaglais chloiche ard dhiolba Rómhánúil-Ibeirneach seo ón 12ú haois, nó damhliag mar a thugtaí uirthi, ar cheann de na heaglaisí is mó dá ré. Tá sí 18.3 méadar (60 troigh) ar fad faoi 7.32 méadar (24 troigh) ar leithead, gnáth-thomhas talún ag ardeaglaisí príomha na hÉireann agus ag príomheaglaisí mainistreacha. Tá binn neamhghnách ard ag an struchtúr dronuilleogach de thart ar 10.67 méadar (35 troigh) a fhad le gach rinn. Maireann na ballaí bunaidh thuaidh, thoir agus thiar agus tá siad 0.92 méadar (3 troigh) ar tiús, ach leagadh an chuid is mó den bhalla theas roimh 1839 chun trasbhalla a thógáil ag an taobh thiar, ag timpeallú talamh adhlactha de chuid theaghlach Nickson ón Muine in aice láimhe. Taobh istigh den chlós sin freisin, socraithe ar thaobh na láimhe deise den bhalla ar an taobh thiar, tá leac chuimhneacháin mhór atá briste go páirteach, curtha in airde ag Lorenzo Hodson, as Cúil Uí Chionaoith, gaol le teaghlach Nickson, i gcuimhne ar bhaill éagsúla dá theaghlach.

Bíodh is nach bhfuil ach rochtain amháin ann anois ar áiteanna adhlactha Nixon agus Hosdon, théití isteach san eaglais roimhe trí dhoras eibhir díreach a bhfuil a aghaidh thiar nó doras lindéar récheannach, gné a bhí coitianta nuair a tógadh na luatheaglaisí. Tá feirbeadh múnlaithe Rómhánúil ag an mbealach isteach ar an taobh amuigh le háirse chiorclach ar an taobh istigh. Ar an taobh amuigh den bhinn thoir tá dhá fhuinneog cheannchruinn le múnlú cochaill le tacaíocht ó cholúin. Ar gach ceann den dá bhonn colúin de cheann de na fuinneoga tá aghaidheanna arrachtaigh ann atá cosúil le madraí atá snoite go garbh. Tugann dhá choirbéal ar gach taobh de cheann thiar na heaglaise le fios go raibh croit nó gailearaí adhmaid ann tráth, agus é lasta ag an bhfuinneog bheag atá suite go hard os cionn an dorais isteach.

Rinne Bord na nOibreacha oibreacha athchóirithe suntasacha ar an eaglais sa bhliain 1887, lena n-áirítear clúdach mór eidhneáin a bhaint agus taca a chur le cúinne an bhinn thoir mar a thagann sí le chéile leis an mballa thuaidh.

Rud atá neamhghnách do shuíomh eaglasta den tréimhse seo, níl aon fhianaise fágtha go raibh clogás, nó Cloigtheach ann, tá scéal ann sa seanchas áitiúil faoi “chlog éalaitheach”. Tá sé sa seanchas gur thóg Naomh Fionnán cloigtheach ag Achadh Abhall agus gur chuir sé clog iontach ann, a raibh a clingthon chomh binn agus a bhí cloiste riamh, a bhuailtí leis an bpobal agus an chuallacht a ghairm chun urnaí. Bhí an t-ab naofa Mo Aodh Óg, arbh as Chluain Mhór in aice láimhe dó, ag iarraidh an clog a bheith aige agus thuirsigh Naomh Fionnán leis an gclog a thabhairt dó. Faoin tráth sin bhí Naomh Fionnán aistrithe chuig a eaglais nua i gCluain Ard, i gCo. na Mí, agus, ar fhaitíos go dtógfadh Mo Aodh Óg é, chinn sé ar an gclog a chur sa gcloigtheach ansin. Ar maidin tar éis é a bheith suiteáilte fuair an clogaire amach go raibh sé imithe, bíodh agus gur chonaic an clogaire ag Achadh Abhall go raibh sé ar ais ina ghnátháit. Roinnt uaireanta thug Naomh Fionnán an clog ar ais go Cluain Ard ach gach maidin dár gcionn bhí sé ar ais ina shuíomh bunaidh. Ar feadh na nglúnta i ndiaidh bhás an naoimh bhuail an clog agus thug ar adhraitheoirí tabhairt faoina ndeabhóidí creidimh sa mhainistir scoite. Deirtear go dtí an lá inniu ann go bhfuil an clog, teilgthe in ór glan, curtha i dtalamh áit éigin in aice leis an eaglais.

Soir ó thuaidh den eaglais tá ardchros eibhir neamhphollta 2.8 méadar (9 troigh 2 orlach) ar airde ó timpeall an 10ú ina seasamh ar bhonn pirimidiúil, ar a dtugtar Cros Naomh Findan. Tá umar baiste eibhir mór taobh leis – deirtear sa seanchas áitiúil go dtugann an t-uisce uaidh leigheas ar thinneas cinn.

Sa pháirc ar an taobh thoir theas den eaglais tá ballán mór, amhail go leor samplaí atá le fáil in aice le heaglaisí ársa agus láithreáin naofa. Cuirtear síos orthu sa bhéaloideas mar chlocha leasaithe agus mallaithe araon agus tugann roinnt scéalta le fios go bhfuil sé de chumhacht ag an uisce báistí a bhailítear ina lagraigh lárnacha leigheas a dhéanamh.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol