Skip to content

Oidhreacht Éireann

Eaglais Dhroim Ineasclainn, Ardchros, agus Cloigtheach

Mainistir arna bunú ag Rí Mumhan, nó ag Naomh

Unguided sites

Droim Ineasclainn
Contae Lú

Eaglais Dhroim Ineasclainn, Ardchros, agus Cloigtheach

Mainistir arna bunú ag Rí Mumhan, nó ag Naomh

Unguided sites

Droim Ineasclainn
Contae Lú

Áiseanna

  • Carrchlós

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Eaglais Dhroim Ineasclainn atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Eaglais Dhroim Ineasclainn, Ardchros, agus Cloigtheach

Tá an fothrach eaglasta seo ón 12ú nó 13ú haois, an cloigtheach ón 9ú haois agus an píosa atá fágtha den ardchros ón 10ú haois suite sa reilig i lár shráidbhaile Dhroim Ineasclainn i gCo. Lú, ar an L7187, 11 chiliméadar (6.8 míle) ó dheas de bhaile Dhún Dealgan agus 3 chiliméadar (1.9 míle) ó thuaidh de shráidbhaile Bhaile an Ghearlánaigh. Tagann an t-ainm Droim Ineasclainn ó Druim-ineas-clainn, a chiallaíonn “droim an tsrutha láidir”. Feicfidh tú anseo freisin fothracha de shéipéal paróiste de chuid Eaglais na hÉireann ón 19ú haois a tógadh in 1821.

Is é an túr agus an ardchros na haon chodanna de láithreán mainistreach ársa atá fágtha a deirtear a bhunaigh Lugaidh, mac Aonghusa, Rí Mumhan, deisceabal de Naomh Pádraig a bhaist sé sa Chaiseal, agus a fuair bás timpeall 515 AD. Dar le daoine eile gur bhunaigh Naomh Rónán é sa 7ú haois, a bhásaigh an 18 Samhain 664 AD. In 801 AD leagadh taisí Naomh Rónán, an dara ab dá chuid, taobh istigh den mhainistir i scrín a bhí maisithe go hálainn i ndath an óir agus an airgid. Creidtear go ndearna ruathairí Lochlannacha creachadh ar an scrín sin sa deireadh. Tá ainm an naoimh ar thobar beannaithe sa sráidbhaile.

Taifeadtar in Annála Uladh gur dhóigh na Lochlannaigh Droim Ineasclainn in 833 AD. Rinne na hÉireannaigh foghail air ina dhiaidh sin in 908 AD, rinne Domhnall ua Néill é, Ard-Rí na hÉireann ó 956 AD go 970 AD, na Lochlannaigh in 978 AD, agus na hÉireannaigh arís in 1043 AD. In ainneoin na n-ionsaithe sin, lean an mhainistir ag feidhmiú go dtí an 12ú haois.

Is beag atá fágtha anois den láthair mhainistreach bhunaidh seachas ceann na binne thoir agus roinnt cloch ón mbunsraith de shéipéal beag ón 12ú nó 13ú haois. Níor tháinig slán ach fuinneog amháin dé-sholais ó níos déanaí sa 15ú haois a bhfuil a haghaidh soir, lena gialla atá cóirithe le cloch agus muillean aonair lena bpoill le haghaidh barraí glónrúcháin, a bhfuil áirsí frámaí címe snoite go galánta os a gcionn. Is féidir na codanna líonta isteach den fhuinneog bhunaidh níos luaithe a bhí níos airde a fheiceáil in aghaidh thoir bhalla na binne.

Gar d’fhothracha an tséipéil tá an cloigtheach ón 9ú haois a bhfuil cuma feosaí go maith air. Ritheann sé 5.25 méadar trasna (c.16.5 troigh) agus os cionn 15 mhéadar (c.50 troigh) ar airde, bhí an bealach isteach ann trí dhoras Rómhánúil dé-ord a bhfuil a aghaidh soir-soir ó dheas, atá leagtha 3.7 méadar (12 throigh) os cionn na talún. Tá na mullaigh cholúin maisithe fós slán agus lasmuigh de gach ceann acu tá fíoracha snoite aimsire ach níl fáil ar a dhá cholún taca.

Atógadh an chuid uachtarach den túr timpeall ar an 12ú haois agus úsáideadh é mar chloigtheach, agus é ag feidhmiú mar sin suas go dtí an 19ú haois. Baineadh cábán a tógadh in aghaidh an túir in 1840 agus doras a briseadh isteach sa túr ar leibhéal na talún, dúnadh isteach é ina dhiaidh sin.

Murab ionann le cuid mhaith cloigtheach atá fós slán, tá caipín cloiche cónúil ar a bharr, ach rinneadh é sin le linn obair athchóirithe nuair a ghiorraigh Oifig na nOibreacha Poiblí an túr, obair a rinneadh in 1879. Oibreacha eile a thagann ón tréimhse athchóirithe is ea na ceithre fhuinneog dhronuilleogacha thíos faoin gcaipín a bhfuil a n-aghaidh ar phríomhairde an chompáis. An t-aon fhuinneog atá i gcomhaimsir leis an túr is ea an fhuinneog bheag an-ard leis an áirse bhiorach a bhfuil a haghaidh siar.

Gar don túr, rinneadh ceann ardchroise eibhir ón 10ú haois a bhí snoite go galánta a atógáil ar chos eibhir in 1918. D’fhág síonchaitheamh agus creimeadh le fada an lá nach féidir na radhairc shnoite ón mBíobla a dhéanamh amach go soiléir níos mó.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Shéipéal Dhroim Ineasclainn

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol