Skip to content

Oidhreacht Éireann

Grianán Ailigh

Caiseal álainn ar mhullach Chnoc an Ghrianáin

Unguided sites

An Cheathrú Riabhach, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall

Access available during daylight hours

Grianán Ailigh

Caiseal álainn ar mhullach Chnoc an Ghrianáin

Unguided sites

An Cheathrú Riabhach, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall

Access available during daylight hours

Áiseanna

  • Carrchlós

Srianta

  • Níl aon leithreas

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta saor in aisce é Grianán Ailigh atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Grianán Ailigh

Suite ar mhullach Chnoc an Ghrianáin, tá radhairc bhreátha anuas as an gcaiseal breá ar a dtugtar Grianán Ailigh ar fud Inis Eoghain idir Loch Feabhail agus Loch Súilí, siar i dtreo Leitir Ceanainn agus soir i dtreo Dhoire áit arbh é bunadh Naomh Colmcille lárionad eaglasta an réigiúin. Tá sé ráite gur thóg Áed Oirdnide, fear glóirmhianach, rí Cenél nÉogain, an dún an chéad lá riamh am éigin roimh AD800. Ríocht bheag ar leithinis Inis Eoghain a bhí anseo roimhe seo. Ó mhullach Chnoc an Ghrianáin bhí amharc aige ar a áit dúchais Inis Eoghain agus é ag faire amach ar a chríocha nua-bhuaite ar fud Dhún na nGall agus níos faide ó bhaile. Ar na mbealach sin, ní raibh aon amhras ach gur ráiteas polaitiúil a bhí i nGrianán Ailigh. De réir mar a lean Cenél nÉogain ag leathnú amach ar fud Chúige Uladh, rinne siad tagairt i gcónaí do Ghrianán Ailigh mar áit dhaingean a n-údaráis ríoga sa réigiún.

 

In 1101 AD bhí Muirchertach Ua Briain, rí Mhumhan, i gceannas ar fheachtas míleata sé seachtaine a chuaigh go domhain isteach i gCúige Uladh. Bhí sé i gceist aige aghaidh a thabhairt ar Dhomhnall Mac Lochlainn (de bhunadh Chenél nÉogain), an rí ba chumhachtaí sa tuaisceart. Dá n-éireodh leis, bheadh sé in ann aithris a dhéanamh ar a shin-sheanathair Brian Bórama (Brian Ború) agus a bheith ar ardrí uile-Éireann gan cheist. Thug a arm a n-aghaidh ar thuaisceart Dhún na nGall agus ar Ghrianán Ailigh, a bhí mar shiombail de chumhacht Mhic Lochlainn ar fud an réigiúin ag an am. Ar ndóigh, ní shásófaí uaillmhian Mhuirchertaigh. Dhiúltaigh Domhnall dul chun troda leis an arm ionraidh agus níor ghéill sé riamh do Mhuirchertach agus dhiúltaigh sé é a aithint mar ardrí. Ina ionad sin, chuir Muirchertach tús le díchoimisiúnú an dúin an bhliain sin nuair a d’ordaigh sé dá arm clocha a thabhairt leo ón múr cosanta (Annalaí na gCeithre Máistrí).

Tá an taobh istigh den dún ciorclach thart ar 23m ar leithead. Ar an taobh thoir, síneann pasáiste iontrála atá clúdaithe le fardoras trí thiús an bhalla mhóir timpeall air, arb é an t-aon bhealach atá ann chun dul isteach sa dún. Tá an balla seo atá déanta le cloch shingil 5m ar airde agus tá sraith léibheann ann a bhfuil teacht orthu le céimeanna cloiche. Ritheann dhá phasáiste balla, ceann ón taobh ó dheas agus ceann eile anoir-aduaidh, i dtreo an phasáiste iontrála ar an taobh thoir. De réir mar a deirtear ba theach pobail ó aimsir na bpéindlíthe a bhí i bhfothrach foirgnimh dhronuilleogaigh laistigh den dún, a taifeadadh go luath sa 19ú haois, ach ar ndóigh d’fhéadfadh sé gur áit chónaithe a bhí ann freisin. Ní léir aon rian den déanmhas sin inniu.

 

Seans gurb é an caiseal an tsraith cosaintí is déanaí, agus is soiléire, ar bharr an chnoic. Tá sé suite mar shampla gar do lár dúin réamhstairiúil ina bhfuil dhá bhruach chomhlárnacha ar beag spáis atá eatarthu agus claiseanna tanaí timpeall ar limistéar ubhchrutha (75m x 65m) timpeall ar an gcaiseal. Taobh amuigh de sin tá dún níos mó fiú ina bhfuil dhá bhruach eile atá arís sách gar dá chéile agus a bhfuil limistéar mór ceathairshleasach de bharr an chnoic timpeall orthu, agus roinnt acu 140m x 135m ar leithead. Gach seans gur tógadh na dúin in dhá chéim éagsúla. Tá bóthar ársa nó seans gur bóthar a bhí ann, ag dul isteach chomh fada le mullach an chnoic trí bhearna i gcréfort an dúin ar an taobh thoir-thuaidh-thoir. Soir ó dheas bhí cairn mór cloch, b’fhéidir gur séadchomhartha adhlactha a bhí ann ón Ré Neoiliteach nó ón gCré-umhaois Luath, ar taifeadadh é go luath sa 19ú haois, ach is deacair é sin a aithint ar an talamh inniu.

 

Ó dheas den dún tá tobar fíoruisce a thiomnaítear go traidisiúnta do Naomh Pádraig. Léirítear an ceangal sin in The Tripartite Life of Patrick inar taifeadadh ‘go ndeachaigh an naomh go dtí Aileach na Ríthe, agus gur bheannaigh sé an dún, agus gur fhág sé a leac ann, agus gurbh é a thairngreacht go mbeadh ríthe agus daoine oirnithe as Aileach i gceannas ar Éirinn’.

 

Féachtar ar chaisil mar Ghrianán Ailigh mar shéadchomhartha tuata aircitíopúil ón meánaois luath in Éirinn, mar sin féin, tá caisil mhóra mar sin sách neamhchoitianta. Is é An Dún ar oileán i Loch an Dúin gar don Phort Nua ceann de na samplaí is gaire. Tá samplaí eile atá faoi Chúram an Stáit le fáil ar Oileáin Árann, ina measc tá Dún Chonchúir ar Inis Meáin agus Dún Formna ar Inis Oírr agus Dún Eochla ar Inis Mór agus san iardheisceart tá Cathair na Stéige, Co. Chiarraí.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Áiteanna le foireann

Áiteanna gan treoir

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.