Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Heinse an Charainn atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Tabhair faoi deara: uaireanta bíonn beostoc sa pháirc atá mórthimpeall an tséadchomhartha seo*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Heinse an Charainn – Ráth na dTarbh
Tá lios/imfhálú searmanais Ráth na dTarbh 4 km ó dheas den Chaiseal, ar bharr cnoic. Tógadh liosanna de ghnáth i dtréimhse na Luath-Mheánaoise ach fuarthas amach gur tógadh roinnt acu níos túisce sa Chré-Umhaois agus níos déanaí san Iarannaois Dhéanach.
Dar le saineolaithe go bhféadfadh sé gur chuid den choimpléacs ríogach níos mó de lios Ráth na Drinne é Ráth na dTarbh, lios atá 2 km ó thuaidh. Ní dhearnadh tochailt ar lios Ráth na Drinne ach rinneadh íomháú maighnéadach ardtaifigh air agus creidtear anois go dtéann a dhátaí siar go dtí an Chré-Umhaoise Dhéanach. Tugadh le fios freisin san íomháú maighnéadach go raibh cuaillí adhmaid ciorclacha ann cosúil le mar atá in Stonehenge a thabharfadh le fios go raibh feidhm shearmanais ag an ráth. Tá imfhálú mór ciorclach in Ráth na dTarbh, atá beagnach 70 m ina imlíne le himfhálú leathan agus cothrom. Sainaithníodh dhá fheart fháinneacha inmheánacha (dumha íseal a ardaíonn de réir a chéile ó bhruach an imfhálaithe áit inar leagadh cnámha créamtha). Ba shéadchomharthaí adhlactha a bhí sna fearta fáinneacha go príomha, agus léiríodh fearta sna tochailtí a rinneadh le créamadh aonair nó iomadúla.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Heinse an Charainn
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 20.5 km ón Heinse an Charainn – Ráth na dTarbh
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 22.4 km ón Heinse an Charainn – Ráth na dTarbh
Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
Timpeall 22.6 km ón Heinse an Charainn – Ráth na dTarbh
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 24.0 km ón Heinse an Charainn – Ráth na dTarbh
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 37.0 km ón Heinse an Charainn – Ráth na dTarbh
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 38.4 km ón Heinse an Charainn – Ráth na dTarbh