Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Leaba Molaga atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Imfhálú Eaglasta Leaba Molaga
Imfhálú eaglasta luath é Leaba Molaga ina raibh ceithre ghallán an chéad lá riamh, reilig, dhá shéipéal, tuama naoimh, dhá leac chroise, balláin agus cros chloiche. Bhunaigh Naomh Molaga, an té a thug an bheachaireacht go hÉirinn, é sa 7ú haois. Bhunaigh Naomh Molaga an mhainistir ag Tigh Molaige freisin. Creidtear tar éis do Naomh Molaga bás a fháil in 664AD gur cuireadh é sa cheann ba luaithe den dá shéipéal i Leaba Molaga. Tugtar leaba Naomh Molaga air, tá an leac uaighe gaineamhchloiche a chumhdaíonn a thuama greanta le línte bíseacha agus comhthreomhara. Gabhann an séipéal, ar a dtugtar an séipéilín freisin, siar go dtí an 9ú/10ú haois, tá sé dronuilleogach ina chruth, agus tá a antae (struchtúr taca) ag gach ceann de go fóill. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí athchóiriú ar an obair chloiche, rud a bhí bunaithe ar sceitsí roimhe sin, agus taispeántar cloch bharrghréasa agus sciatháin atá ag gobadh amach.
Seasann an dara séipéal ó thuaidh den séipéal níos luaithe agus b’in é an séipéal paróiste roimhe sin. Sonraíodh faoi 1615 go raibh sé tite as a chéile, agus an chloch bhunaithe ar an mballa theas ag cur dátaí an tséipéil siar go dtí an tréimhse Rómhánúil. Taobh amuigh dá bhalla thuaidh tá dhá bhallán, a ndeirtear gur ‘clocha mallachta’ iad, a úsáideadh in aimsir na bpágánach chun mallacht a chur ar namhaid duine.
I dtochailtí a rinneadh gar don bhalla imfhálaithe cloiche thángthas ar iarsmaí beirte, duine fásta óg agus leanbh, a bhí sínte soir siar. Níor mhair ach iarsmaí déadacha an linbh, agus thug imscrúduithe a rinneadh ar na fiacla le fios go raibh aiste bia arán, le cion ard siúcra, agus feoil righin ag an leanbh.
Tá an dá leac chroise greanta; tá ceann acu greanta le cros shimplí agus ‘IHS’ agus ‘John O’ inléite. Is féidir an dáta ‘1744’ a léamh ar an dara hinscríbhinn. Tá an reilig istigh idir an dá shéipéal den chuid is mó, agus gabhann dátaí an leaca uaighe is túisce siar go dtí 1714.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Leaba Molaga
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 15.1 km ón Imfhálú Eaglasta Leaba Molaga
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 19.1 km ón Imfhálú Eaglasta Leaba Molaga
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 26.1 km ón Imfhálú Eaglasta Leaba Molaga
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 29.4 km ón Imfhálú Eaglasta Leaba Molaga
Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
Timpeall 29.5 km ón Imfhálú Eaglasta Leaba Molaga
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 38.8 km ón Imfhálú Eaglasta Leaba Molaga