Fógra
Séadchomharthaí Náisiúnta faoi choimirce an stáit iad Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín
Tá Lios Bhuaile an Charraigín, nó ‘Ráth Chrois Uaithne’ mar a thugtar air freisin, suite i gcnoic Chill Mhantáin. Tá an lios ar fhána taobh istigh de choill. Tá iarsmaí dhá struchtúr cloiche singile, ar dócha gur shuíomhanna botháin iad fadó, laistigh den lios.
Tá cloch oghaim suite taobh istigh de theorainn an leasa seo; tá ‘VOTI’ inscríofa uirthi. Ba é an t-ársaitheoir, Liam Prís, an té a tháinig ar an gcloch ghreanta sin.
Tá an suíomh áirithe seo faoi Ordú Buanchoimeádta sa lá atá inniu ann. Is é is ciall leis sin go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann an séadchomhartha seo a chaomhnú de bharr a thábhachtaí atá sé ó thaobh na staire de.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Cloch oghaim Bhuaile an Charraigín. Creidiúint: an Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann Lios faoi bhrat sneachta. Creidiúint: an Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann Lios Bhuaile an Charraigín. Creidiúint: an Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann
Suíomhanna cóngarach
Teachin Uí Dhuibhir – Mhic Alastair
Suíomh neamhghnách catha in Éirí Amach 1798
Timpeall 3.3 km ón Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín
Láthair Mhainistreach agus Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch
Gleann tearmainn do naoimh agus do scoláirí
Timpeall 20.2 km ón Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín
Gairdíní Altamont
Gairdíní den tseandéanamh a bhfuil atmaisféar dá gcuid féin acu
Timpeall 24.7 km ón Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín
Garraithe Náisiúnta na Lus Cill Mhochura
Tearmann ina bhfuil togha agus rogha na gairneoireachta
Timpeall 30.8 km ón Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín
Caisleán Fhearna
I gcliabhán thiarnas na nAngla-Normannach
Timpeall 40.3 km ón Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín
Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna
Caibidil fhíorshuimiúil i scéal 1916
Timpeall 43.2 km ón Lios agus Cloch Oghaim Bhuaile an Charraigín