Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Lios an Charainn atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Lios an Charainn
Tá Lios an Charainn 2 km soir ó Acomhal Luimnigh, i gCo. Thiobraid Árann. Tógadh liosanna de ghnáth i dtréimhse na Luath-Mheánaoise, ach meastar gur tógadh roinnt acu níos túisce sa Chré-Umhaois agus níos déanaí san Iarannaois Dhéanach. B’áitreabh feirme de ghnáth a bhíodh sna liosanna níos lú, agus tógadh roinnt liosanna mar láithreáin searmanais.
Tá Lios an Charainn ubhchruthach, 36 m x 32 m, le scairp, clais, clais lasmuigh agus bruach lasmuigh, rud a chiallaíonn gur lios trivallate é lios an Charainn (lios a mbíonn trí bhruach nó chlais ann). Níl liosanna trivallate chomh coitianta céanna agus creidtear gur tógadh iad do dhaoine a raibh stádas níos airde acu sa tsochaí. Tá Lios an Charainn ó dheas de Chill Bheircheirt ar imfhálú eaglasta í ina bhfuil séadchomharthaí cloiche éagsúla.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Lios an Charainn
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
An tírdhreach timpeall ar Lios an Charainn, Grianghrafadóir: An Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann Lios an Charainn, Grianghrafadóir: An Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann Amharc ón aer ar Lios an Charainn, Grianghrafadóir: An Chartlann Ghrianghrafadóireachta, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Rialtas na hÉireann
Suíomhanna cóngarach
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 23.9 km ón Lios an Charainn
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 36.9 km ón Lios an Charainn
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 38.2 km ón Lios an Charainn