Skip to content

Oidhreacht Éireann

Lios na Rátha Gile

Tá an-tábhacht stairiúil agus seandálaíochta ag baint le Dún Cnoic

Unguided sites

An Ráth Thoir
Contae Chill Mhantáin

Lios na Rátha Gile

Tá an-tábhacht stairiúil agus seandálaíochta ag baint le Dún Cnoic

Unguided sites

An Ráth Thoir
Contae Chill Mhantáin

Áiseanna

  • Carrchlós

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Lios na Rátha Gile atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Lios na Rátha Gile

An Ráth Gheal a thugtar air sa Ghaeilge, nó An Ráth Gall (Ráth na nEachtrannach nó Rath na Strainséirí). Téann an dún cnoic tábhachtach seo ón gCré-umhaois siar go dtí an 12ú agus 11ú RCh, agus tá sé lonnaithe i mbaile fearainn na Rátha Thoir.

Nascann an traidisiún an suíomh leis an ríochas Ceilteach, go háirithe le Crundmáel Bolg Luatha mac Áedo (a fuair bás in 628 AD), Rí ar theaghlach mór le rá Uí Ceinnselaig, a bhí lonnaithe in oirthear Co. Cheatharlach agus i dtuaisceart Co. Loch Garman den chuid is mó.

Tá Ráth Gall lonnaithe ar dhroim cnoic a bhfuil leathanradhairc iontacha uaidh agus tá trí rampar chomhlárnacha cloiche a théann siar go dtí an Chré-umhaois ann, agus an ceathrú ciorcal liag ar an taobh istigh a théann siar go dtí ré na meánaoise, nó ar cuireadh leis le linn na tréimhse sin gan amhras. Tá achar 7.5 heicteár (18 acra) timpeall an tséadchomhartha agus is ionann trastomhas an chiorcail laistigh agus 15 mhéadar.

Nochtadh fianaise thábhachtach de ghníomhaíocht na Cré-umhaoise Luaithe agus Déanaí ar fud an tsuímh, le linn na dtochailtí a rinne an seandálaí, an tOllamh Barry Raftery (1944-2010), a thosaigh in 1969. Le linn na chéad bhliana dá dtochailtí, thángthas ar bhreis agus 10,000 réad sa chiorcal laistigh, lena n-áirítear réada cloiche, gloine agus óir, chomh maith le múnlaí cré a úsáideadh chun méideanna móra uirlisí agus gléasanna troda cré-umha a theilgean. Tacaítear leis an teoiric go raibh cónaí ar theaghlach saibhir tábhachtach ar an suíomh, nó pobal a bhí beag ach gníomhach agus an-tairbheach, leis an méid mór réad a aimsíodh.

Le linn tochailtí éagsúla an Ollaimh Raftery, ba chruthúnas iad na poill chuaille, ar thángthas orthu sa chiorcal laistigh, go mbíodh teach beag ann. Thángthas ar ghnéithe tábhachtacha adhlactha agus ba chlais ceann acu sin, dúnta go daingean le bollán mór, leagtha go haireach ann, ina bhfuarthas fáinne umha ceintiméadar amháin ar leithead, órphlátáilte i measc cnámha dóite linbh.

Le linn na dtochailtí a rinneadh ina dhiaidh sin in 1972 agus 1973, aimsíodh 400 réad in aghaidh an lae, lena n-áirítear gloine, ór, cnámha ainmhithe, earraí potaireachta agus iarsmaí ciseáin, chomh maith le fianaise d’fhás gráin agus riar ainmhithe.

Le linn an tséasúir tochailte in 1974, aimsíodh réada nach bhfacthas riamh roimhe ón gCré-Umhaois Luath agus Dhéanach in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa: fuarthas 88 gcloch ghloine ghormghlasa, poll sa lár i ngach uile cheann acu. D’aimsigh an tOllamh Raftery sorcóir fada lúbtha corntha 2 cheintiméadar ar leithead freisin, ar a raibh foircinn a bhí buailte go mín le casúr, agus cloch ghormghlas dhorcha 2 go 3 cheintiméadar ar leithead ina lár. Tháinig sé ar dhiosca miotail mearcair-órnite. Bhaintí úsáid as an órú mearcair chun cré-umha a ghreamú ar ór. De réir anailís de chuid Mhúsaem na Breataine, téann an píosa siar go dtí 1,000 RCh, 600 bliain níos sine ná an sampla den teicníc órúcháin a fuarthas roimhe sin.

Fuarthas foirnéis bruithnithe iarainn, rud a thugann le fios go raibh cónaí i Ráth Teas ar feadh tréimhse ghearr le linn na hIarannaoise, agus tugtar le fios go raibh cónaí sa suíomh le linn an 12ú agus 13ú haois AD, leis na boinn mheánaoiseacha, mar aon le hearraí potaireachta glónraithe glasa a bhfuil cuma na meánaoiseanna orthu.

Thángthas ar fhionnachtana thar a bheith suimiúla ón gCré-umhaois le linn thochailtí an Ollaimh Raftery, agus níor thángthas ar an líon céanna ná ar réada den chaighdeán céanna in áit ar bith eile in Éirinn ó shin i leith.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Lios na Rátha Gile

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol