Mainistir Chistéirseach Bhaile na gCailleach – Foirgneamh Otharlainne
Na fothracha atá fágtha den Mhainistir Chistéirseach bhunaidh
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Foirgneamh Otharlainne Mhainistir Bhaile na gCailleach atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Chistéirseach Bhaile na gCailleach – Foirgneamh Otharlainne
Cé go bhfuil an paróiste áitiúil i mbun an tséipéil athchóirithe, is iad na fothracha den otharlann le hais an tséipéil atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí. Bhí na fothracha sin mar chuid den mhainistir bhunaidh a bhí ar na tailte seo tráth den saol, ag dul siar go dtí bunú na Mainistreach Cistéirsí sna 1180idí ag Rí Luimnigh, Dónal Mór Ó Briain.
Is beag atá fágtha den mhainistir bhunaidh; gabhann na codanna den mhéid atá fágtha siar go dtí an 13ú haois, agus gabhann formhór an fhoirgnimh, agus a chuid gnéithe, siar go dtí an 15ú haois. Rinneadh cuid mhaith de na hathchóirithe sin ón 15ú haois faoi phátrúnacht Bhuitléirí Urumhan.
Seans gurb é an sedilia (suíocháin chloiche, gar don altóir, don chléir de ghnáth) an píosa ailtireachta is breátha ón 15ú haois sa tír. Tá ceann de na freascónna meánaoiseacha atá fós againn in Éirinn le fáil sa mhainistir freisin.
Gabhann tábhacht na mainistreach seo siar go dtí tráth a bhfuair Muirchertach Ó Briain blúire d’Fhíorchroch Chéasta Chríost ón bPápa Paschall II, a chiallaíonn gur ionad oilithreachta é a bhfuil an-tóir air.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 13.4 km ón Mainistir Chistéirseach Bhaile na gCailleach – Foirgneamh Otharlainne
Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848
Suíomh neamhghnách inar tharla eachtra fhuilteach
Timpeall 23.4 km ón Mainistir Chistéirseach Bhaile na gCailleach – Foirgneamh Otharlainne
Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
Timpeall 29.7 km ón Mainistir Chistéirseach Bhaile na gCailleach – Foirgneamh Otharlainne
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 31.6 km ón Mainistir Chistéirseach Bhaile na gCailleach – Foirgneamh Otharlainne
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 33.8 km ón Mainistir Chistéirseach Bhaile na gCailleach – Foirgneamh Otharlainne
Caisleán agus Gairdíní Ros Cré, agus Teach Damer/ Muilte Dubha
Áit a léiríonn cumhacht mheánaoiseach agus galántacht ón ochtú haois déag
Timpeall 35.4 km ón Mainistir Chistéirseach Bhaile na gCailleach – Foirgneamh Otharlainne