Mainistir Chistéirseach Chill Chúile
Mainistir Chistéirseach le ceangal le Teaghlach cumhachtach Urumhan
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Chill Chúile
*Tabhair faoi deara: uaireanta bíonn beostoc sa pháirc atá mórthimpeall an tséadchomhartha seo*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Chistéirseach Chill Chúile
Soir ó shráidbhaile Ghort na hUamha tá fothracha Mhainistir Chill Chúile, mainistir Chistéirseach ag gabháil siar go dtí 1182AD. Bhunaigh Dómhnall Mór Ua Briain, Rí Thuamhan agus Rí Mumhan, Mainistir na Croise Naofa in 1180 agus Mainistir Chill Chúile dhá bhliain ina dhiaidh sin. Tá cáil ar Ua Briain de bharr na mbuanna a bhí aige go minic ar na Normannaigh ag deireadh an 12ú haois
Rinneadh slad agus lasadh an mhainistir in 1418 agus arís in 1445. Faoin Ab Philip O’Mulwanayn a bhí sé an mhainistir a atógáil. Tar éis a bháis in 1463 bhí a mhac William agus a shliocht siúd ina n-abaí ar Chill Chúile go dtí gur díscaoileadh na mainistreacha in 1540. Cé gur bronnadh an talamh ar Thomas de Buitléir, 10ú Iarla Urumhan in 1557 bhí pobal manach fós ag cur fúthu i gCill Chúile. In 1636, dhíol 10ú Iarla Urumhan an oidhre Lt Gin. James Mac Thomáis de Buitléir, 1ú Diúc Urumhan Mainistir Chill Chúile leis an Ridire Jerome Alexander. Chuir fórsaí Chromail deireadh sa deireadh thiar le láithreacht na gCistéirseach i gCill Chúile in 1650 agus deich mbliana ina dhiaidh sin, tar éis an athchóirithe, phós iníon Alexander, Elizabeth, an Ridire William Barker in 1676 agus d’fhan an mhainistir sa teaghlach acu go dtí gur díoladh í le teaghlach Ponsonby in 1818.
In ainneoin go ndearnadh athmhúnlú air sa 15ú haois, tá go leor de chreatlach mheánlann agus saingeal na mainistreach ón 12ú agus 13ú haois fós ann, lena n-áirítear fuinneog cheathairdhuilleach agus dhá linn ionnalta le halmóirí (áit chun soithí beannaithe a stóráil). Feictear lorg na dtinte tráth ar lasadh an mhainistir sa 15ú haois sa díon. Mar chuid den atógáil sa 15ú haois tógadh doras múnlaithe, sedilia dúbailte – ceann le harmas de Buitléir snoite isteach sa chloch, bealach isteach chuig an meánlann agus balla scéithe. Tá íomhá den chros chéasta ar an mballa scéithe freisin le Muire agus Naomh Eoin ar gach aon taobh, peileacán ag beathú a hóg laistigh de chailís, agus maighdean mhara le cíor agus scáthán. Tá íomhá sa sciath freisin a gcreideann saineolaithe gurb é Philip O’Mulwanayn atá ann. Tá dhá thuama sa saingeal, ceann arb é Piers Fitz Oge Butler atá ann, a phós Honora Fitzpatrick. Ba é Barnaby Fitzpatrick Mac Giolla Phádraig, 1ú Barún Osraí Uachtarach a hathair.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848
Suíomh neamhghnách inar tharla eachtra fhuilteach
Timpeall 6.5 km ón Mainistir Chistéirseach Chill Chúile
Caisleán Chill Chainnigh
An tseoid is luachmhaire i gcathair dhraíochtúil mheánaoiseach
Timpeall 21.4 km ón Mainistir Chistéirseach Chill Chúile
Dearc Fhearna
Áit spéisiúil uathúil ina dtagann an stair agus an gheolaíocht le chéile
Timpeall 22.5 km ón Mainistir Chistéirseach Chill Chúile
Prióireacht Cheanannais
Tabhair cuairt ar an suíomh eaglasta iata is mó in Éirinn
Timpeall 25.0 km ón Mainistir Chistéirseach Chill Chúile
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 27.8 km ón Mainistir Chistéirseach Chill Chúile
Gairdíní Heywood
Tírdhreach suaimhneach agus rómánsúil ar thaobh cnoic
Timpeall 29.8 km ón Mainistir Chistéirseach Chill Chúile