Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Dhoiminiceach Chairlinn

Mainistir a bhunaigh an fear ar ar tugadh an tIarla Rua

Unguided sites

Líbeartaí Chairlinn
Contae Lú

Mainistir Dhoiminiceach Chairlinn

Mainistir a bhunaigh an fear ar ar tugadh an tIarla Rua

Unguided sites

Líbeartaí Chairlinn
Contae Lú

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Chairlinn atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Tá méid teoranta spásanna páirceála ar fáil in aice leis an suíomh*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Dhoiminiceach Chairlinn

Bhunaigh an tOrd Doiminiceach Mainistir Dhoiminiceach Chairlinn sa bhliain 1305 faoi phátrúnacht Risteaird Óig de Búrca (1259-1326), 2ú hIarla Uladh (an tIarla Rua). Bhí sí tiomnaithe do Naomh Maolmhaodhóg (1095-1148). Bhí de Búrca ar dhuine de na huaisle Éireannacha ba chumhachtaí ag deireadh an 13ú céad agus ag tús an 14ú céad. B’athair Eilíse — bean chéile Rí na hAlban, Roibeard Brús — é.

Treoshuíomh traidisiúnta thoir/thiar atá i gceist leis an mainistir. Tá sí 38 méadar faoi 6.7 méadar (125 troigh faoi 22 troigh) ar an taobh istigh. Is éard atá fágtha sa suíomh i gCairlinn eaglais na mainistreach mar aon le corp na heaglaise agus saingeal. Tá clogás láir eatarthu atá déanta as aolchloch ina gcúrsaí garbha agus aolchloch chrua dhorcha ar a dtugtar gréabhaca. Dar le staraithe ailtireachta áirithe gur cuid den bhunstruchtúr an túr seo. Deir staraithe eile gur tógadh é ní ba dhéanaí sa 15ú céad.

Shoilsíodh fuinneoga rinneacha iontacha (tá cuid acu líonta isteach anois) agus an mhórfhuinneog ghalánta thoir a bhfuil áirse Ghotach uirthi an taobh istigh den eaglais. Tá na gnáth-ghnéithe eile de shuíomh eaglasta Doiminiceach dá leithéid, mar shampla, an sacraistí, an teach munúintí, an teach caibidle agus an clabhstra, ar shiúl le fada.

Cuireadh uchtbhallaí faoi chíor lámhaigh leis na ballaí cosanta feadh fhad iomlán mhullach bhalla thuaidh agus mhullach bhalla theas na heaglaise. Sa bhliain 1423, cuireadh dhá thúr cosanta faoi chíor lámhaigh le cúinní thuaidh agus

theas na binne thiar loime. Mar thoradh air sin, tá cuma neamhghnách dhaingnithe ar an eaglais. Tá poll an uafáis le feiceáil go soiléir fós os cionn an dorais isteach rinnigh de chloch ghearrtha ar an aghaidh seo.

Go hingearach le saingeal na heaglaise, agus ó dheas uaidh, tá iarsmaí imlíneacha de raon thoir. Tá fothracha túir ón 15ú céad nó ón 16ú céad ag ceann theas an raoin sin. Bhí úsáid á baint as an suíomh le haghaidh gnóthaí eaglasta nó gur ordaigh Rí Shasana, Anraí VIII, díscaoileadh na mainistreacha sa bhliain 1539.

Ag tús ré Chromail sna 1650idí, bhain Murchadh Mac Diarmada Ua Briain, 1ú Iarla Inse Uí Chuinn (1614-1673), ar ar tugadh “Murchadh na nDóiteán”, leas as an mainistir mar bheairic agus mar stábla dá chuid saighdiúirí agus a gcapaill.

Bhí an mhainistir le hoscailt athuair faoi Rí Shasana, Séarlas II, sa bhliain 1671, ach bhí an úinéireacht á ceistiú ag an Ord Proinsiasach. Go díreach i ndiaidh chuairt chigireachta agus imscrúdú Oilibhéir Pluincéid, a bhí mar Ardeaspag Caitliceach Ard Mhacha ag an am, mhol sé go dtabharfaí ar ais do na Doiminicigh í. Deimhníodh an úinéireacht sin, faoi dheoidh, le hordú ón bPápa sa bhliain 1678.

Ní raibh bráithre ar bith ina gcónaí i gCairlinn faoin mbliain 1731 agus d’athlonnaigh an mhainistir go Dún Dealgan in 1767. Baineadh an clog iontach a bhíodh i gcloigtheach na heaglaise agus díoladh i Learpholl é sa 19ú céad. Baineadh úsáidí éagsúla as foirgnimh na mainistreach le himeacht na mblianta, mar shampla, halla, beairic, bunáit i gcomhair iascairí scadán agus cúirt liathróid láimhe.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Dhoiminiceach Chairlinn

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol