Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir an Mhúir
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Phroinsiasach an Mhúir
Tá fothracha Mhainistir Phroinsiasach an Mhúir suite soir ó shráidbhaile an Ghallbhaile i nGleann Eatharlaí. Ba é Donnchadh Cairbreach Ó Briain, Rí Thuamhan, a bhunaigh Mainistir an Mhúir ag tús an 13ú céad. Bhunaigh sé í i gcomhair na mBráithre Proinsiasacha. Rinne Aunfurn M’Bryon an séipéal (atá ina fhothracha anois) a thógáil sa bhliain 1471, ach dódh an bhliain dár gcionn é. Faoi thráth dhíscaoileadh na mainistreacha, díoladh Mainistir an Mhúir le Seán Mac Gearailt, deartháir le 14ú hIarla Dheasumhan, ar £15. De bharr an cheangail teaghlaigh sin agus an chéad Éirí Amach i nDeasumhain, dhírigh an Ridire Humphrey Gilbert ar Mhainistir an Mhúir ar son na Corónach in 1569. Tháinig na bráithre ar ais an bhliain dár gcionn ach dúnmharaíodh iad; bhí an tAthair Diarmaid Ó Maolruanaidh ina measc.
D’fhill na bráithre athuair sa bhliain 1645, ach thug fir Chromail iarraidh orthu. Tháinig na bráithre ar ais arís agus d’fhanadar inti go dtí 1748. Chuadar go Baile Mhistéala ina dhiaidh sin. Tháinig Mainistir an Mhúir slán as ionsaí buama in 1921 le linn Chogadh na Saoirse.
Tá corp eaglaise agus saingeal i gceist leis an séipéal agus tá clogás trí stór eatarthu. Úsáideadh idir ghaineamhchloch agus aolchloch chun iad sin uile a thógáil. Atógadh an príomhdhoras sa bhinn thiar, ach tá linn ionnalta cheannchothrom taobh istigh den doras. Bhaintí an t-uchtbhalla amach trí staighre cloiche bíseach. Baineann an clogás le tús an 16ú céad agus tá almóir agus umar uisce choisricthe ar a bhfuil ceann címe ann. Sa saingeal tá linn ionnalta dhúbailte lena mbaineann ceann rinneach dúbailte agus colún casta atá luite isteach leis an mballa. Níl aon rian den chlabhstra os cionn na talún ach fuarthas trí leac uaighe faoin áit a mbíodh an clabhstra le linn tochailtí. Téann na leaca uaighe siar go dtí an 16ú/17ú céad. Meastar gur leis an Athair Diarmaid Ó Maolruanaidh agus beirt bhráithre eile na leaca uaighe sin, triúr a dúnmharaíodh i ndiaidh dóibh filleadh ar an mainistir sa bhliain 1570.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir an Mhúir
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 21.2 km ón Mainistir Phroinsiasach an Mhúir
Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
Timpeall 24.0 km ón Mainistir Phroinsiasach an Mhúir
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 24.6 km ón Mainistir Phroinsiasach an Mhúir
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 26.2 km ón Mainistir Phroinsiasach an Mhúir
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 29.3 km ón Mainistir Phroinsiasach an Mhúir
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 29.3 km ón Mainistir Phroinsiasach an Mhúir