Skip to content

Oidhreacht Éireann

Mainistir Sheanchill Chuillinn

Láthair mhainistreach a ndearnadh an-chuid damáiste uirthi le linn Éirí Amach 1798

Unguided sites

Seanchill Chuillinn
Contae Chill Dara

Mainistir Sheanchill Chuillinn

Láthair mhainistreach a ndearnadh an-chuid damáiste uirthi le linn Éirí Amach 1798

Unguided sites

Seanchill Chuillinn
Contae Chill Dara

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Mainistir Sheanchill Chuillinn atá faoi úinéireacht an Stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní Cheadaítear ach Féachaint uirthi ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Inti*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Mainistir Sheanchill Chuillinn

Nasctar an bhunsraith luath-Chríostaí seo leis na naoimh luath-Éireannacha Naomh Isernius agus Naomh Mac Táil, de ghnáth. Bunaíodh roimh an 7ú haois í, toisc go bhfuil taifead de bhás na n-abaí ann sna hAnnála. Ba ghné shábháilteachta a raibh gá léi an cloigtheach i ngach lonnaíocht mhainistreach a bhí faoi rath airgid, toisc gurbh ann a stóráladh rachmas na lonnaíochta tráth ionsaithe ó na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh. Rinneadh slad ar an mbunsraith luath-Chríostaí seo in 937AD agus gabhadh 1000 príosúnach. Rinne Amhlaoibh Bhaile Átha Cliath agus a threibh Lochlannach ruathar air in 944D. Dódh an mhainistir in 1114.

Is léiriú ar thábhacht na láithreach iad na 3 Ardchros. Tar éis an Achta Ceannais, cuireadh iallach sa reachtaíocht ar aon mhainistir arbh fhiú níos lú ná £200 iad, in agus tar éis 1536, a ndoirse a dhúnadh. In 1539 leis an Acht um Dhíscaoileadh na Mainistreacha Móra b’éigean na mainistreacha a dhúnadh agus a thréigean. D’úsáid Anraí VIII na hAchtanna sin chun an Róimh a dhéanamh níos laige agus a rachmas ollmhór a ghabháil ar mhaithe le hAnraí féin.

Le linn Éirí Amach 1798 rinneadh damáiste ar fhormhór na láithreach, agus scriosadh an cloigtheach agus an séipéal.

Tá an cloigtheach, atá lonnaithe ar an láthair luath-Chríostaí, agus reilig mórthimpeall air, 10m ar airde agus tógadh ar bhloic aolchloiche é. Tá an bealach isteach 1.8m os cionn na talún agus tá fuinneog, a bhfuil leac aolchloiche uirthi, ar an taobh theas de, ar an dara hurlár. Tá na hardchrosa neamhchríochnaithe. Tá bonn de cheann amháin acu sa reilig agus níl an feac maisithe. Tá an Chros Thoir, déanta as eibhear, 3m ar airde agus níl sí maisithe. Tá an Chros Thuaidh, déanta as eibhear freisin, 2m ar airde agus taobh theas síonchaite uirthi. Tá painéil mhaisiúla ar an taobh thuaidh, thoir, agus thiar, ina bhfeictear Samsón ag marú an leoin, Dainéil agus na leoin, an Teitheadh chun na hÉigipte, agus roinnt painéal atá fite fuaite ina chéile.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Sheanchill Chuillinn

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol