Skip to content

Oidhreacht Éireann

Móta agus Bábhún Chnoc Rafann

Móta a thóg na Normannaigh

Unguided sites

Cnoc Rafann
Contae Thiobraid Árann

Móta agus Bábhún Chnoc Rafann

Móta a thóg na Normannaigh

Unguided sites

Cnoc Rafann
Contae Thiobraid Árann

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Móta Chnoc Rafann

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Móta agus Bábhún Chnoc Rafann

Tá móta agus bábhún Chnoc Rafann 5 km ó thuaidh den Chathair, Co. Thiobraid Árann. Ba dhaingean adhmaid a bhí i gcaisleáin mhóta agus bhábhúin go traidisiúnta a thógtaí ar charn cré ar a dtugtar móta, agus clós iniata timpeall air, agus timpeall air sin bhí pailis chosanta ar a dtugtar bábhún.

Is móta Normannach é Cnoc Rafann, ó 1192 agus tógadh é in aghaidh Dhómhnaill Mhóir Ua Bhriain, Rí Thuamhan agus Mhumhan (a bhunaigh Mainistir Chill Chúile). Creidtear gur tógadh móta Chnoc Rafann ar láthair oirnithe ní ba thúisce do Ríthe Mumhan. Bhronn ordú Rí Eoin do Philip of Worcester an móta ar William de Braose ina dhiaidh sin in 1202. Ba chuid de theaghlach Anraí II é Philip of Worcester, a seoladh go hÉirinn chun an bealach a réiteach dá mhac, an Prionsa Eoin ag an am. In 1215, tugadh Cnoc Rafann ar ais arís do Philip of Worcester in éineacht le cúig thríocha céad i dTiobraid Árann ar £100. Go luath sa 1300idí fuair Joan de Bermingham Cnoc Rafann le hoidhreacht trína spré; bhí sí pósta le Meiler de Bermingham a fuair bás in 1302. B’éigean do bhaintreach de Bermingham cás dlí a thabhairt in aghaidh a hathar céile roimhe sin, Peter de Bermingham, 2ú Tiarna Bhaile Átha an Rí, maidir le sealúchas Chnoc Rafann, agus d’éirigh léi.

Tógadh móta Chnoc Rafann ar chnoc nádúrtha agus bhí an bábhún siar ó thuaidh ag a bhonn. Seachas an taobh ó thuaidh, tá gach taobh eile den mhóta rite. Tá iarsmaí struchtúir faoi bhalla agus píosaí ballaí cruinn ar bharr an mhóta. Bhí clais mhór suite ag bun an mhóta siar ó dheas. Tá claí cloiche mar chuid den bhábhún dronuilleogach. Tháinig saineolaithe ar fhothracha struchtúir ag bun an mhóta agus ar phíosaí beaga eile laistigh den bhábhún.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol