Prióireacht Agaistíneach Áth Iseal
Ceann de na prióireachtaí meánaoiseacha is mó in Éirinn
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Prióireacht Áth Iseal atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Tabhair faoi deara: uaireanta bíonn beostoc sa pháirc atá mórthimpeall an tséadchomhartha seo*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Prióireacht Agaistíneach Áth Iseal
Tiocfaidh tú ar fhothracha Phrióireacht Áth Iseal ón 12ú hAois, an phrióireacht mheánaoiseach is mó in Éirinn, i sráidbhaile an Ghabhailín. Ba é William de Burgo a bhunaigh an mhainistir Agaistíneach le haghaidh Canónaigh Rialta Naomh Agaistín, agus í tiomnaithe do Shan Éamann. In 1221, ba phrióir sa mhainistir é Hubert de Burgo, garmhac leis an té a bhunaigh í. Ba láthair shaibhir a bhí i lonnaíocht mhainistreach chomh mór sin, agus bhí rath ar an mbaile taobh amuigh de na ballaí. Dá bharr sin rinneadh foghail agus slad air faoi dhó, ar a laghad. In 1319 chuir Maurice FitzThomas FitzGerald, Iarla Dheasumhan an mhainistir agus an baile trí thine, agus deich mbliana ina dhiaidh sin las Brian Bán Ó Briain ó Thuamhain iad. Tar éis dhíscaoileadh na mainistreacha, bronnadh fothracha Phrióireacht Áth Iseal, agus an talamh a bhí ag dul leis, ar Iarlaí Urumhan.
Cé nach bhfuil ann anois ach na fothracha, níl aon cheo fágtha den bhaile bríomhar tráth dá raibh, ach tá clocha snoite, ballaí binne, clabhstra, príomhphasáiste, agus sciath don chór/saingeal le fáil ar an láithreán fós sa lá atá inniu ann. Is sa mhainistir freisin a adhlacadh chéad bhunaitheoir na mainistreach William de Burgo, chomh maith le 1ú agus 2ú hIarlaí Uladh, Walter agus Risteard Óg de Burgo.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreáin oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá cosaint ag an séadchomhartha náisiúnta seo de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014”
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 7.9 km ón Prióireacht Agaistíneach Áth Iseal
Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
Timpeall 12.4 km ón Prióireacht Agaistíneach Áth Iseal
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 14.3 km ón Prióireacht Agaistíneach Áth Iseal
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 23.9 km ón Prióireacht Agaistíneach Áth Iseal
Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848
Suíomh neamhghnách inar tharla eachtra fhuilteach
Timpeall 35.0 km ón Prióireacht Agaistíneach Áth Iseal
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 36.5 km ón Prióireacht Agaistíneach Áth Iseal