Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Prióireacht na Cathrach atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Prióireacht Agaistíneach na Cathrach
Tá fothracha Mhainistir na Cathrach, ar a dtugtar Prióireacht Mhuire, suite i mbaile na Cathrach. Bhunaigh Geoffrey de Camville í i gcomhair Chanónaigh Rialta Agaistín Naofa ag deireadh an 12ú céad. I ndiaidh dhíscaoileadh na mainistreacha, thug an prióir deireanach, Éamann Ó Longargáin, an phrióireacht suas sa bhliain 1540. Bronnadh an mhainistir ar an Ridire Tomás de Buitléir, Barún na Cathrach, in 1542.
Bhí céimeanna éagsúla i gceist le tógáil na prióireachta, lena n-áirítear an obair a rinneadh uirthi sa 13ú céad, sa 15ú agus sa 16ú céad. Is éard atá fágtha den phrióireacht séipéal agus trastúr, mar aon le raon foirgneamh, lena n-áirítear mórsheomra boghtach, túr, agus b’fhéidir a bhfuil fágtha den phroinnteach. Tochlaíodh cuid den suíomh thiar in 1994 agus fuarthas seacht n-adhlacadh faoi na raonta. Tá corp na heaglaise ar shiúl ach tá an saingeal ann ar fad. Ní bhíodh sa trastúr cúig stór ach ceithre stór. Ar na gnéithe ailtireachta atá le fáil inti tá marcanna saoir cloiche, snaidhm Cheilteach shnoite, linn ionnalta dhúbailte agus coirbéil shnoite.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir na Cathrach
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
Timpeall 0.6 km ón Prióireacht Agaistíneach na Cathrach
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 2.5 km ón Prióireacht Agaistíneach na Cathrach
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 15.7 km ón Prióireacht Agaistíneach na Cathrach
Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Timpeall 15.8 km ón Prióireacht Agaistíneach na Cathrach
Caisleán Urmhumhan
Aimsigh seoid Thúdarach
Timpeall 35.6 km ón Prióireacht Agaistíneach na Cathrach
Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848
Suíomh neamhghnách inar tharla eachtra fhuilteach
Timpeall 38.3 km ón Prióireacht Agaistíneach na Cathrach