Skip to content

Oidhreacht Éireann

Prióireacht Chairmilíteach Chaisleán Ó Liatháin

Prióireacht a bhí faoi phátrúnacht ceann de na teaghlaigh ba shaibhre i gCorcaigh i dtús báire

Unguided sites

An Machaire, Mala, Contae Chorcaí

Prióireacht Chairmilíteach Chaisleán Ó Liatháin

Prióireacht a bhí faoi phátrúnacht ceann de na teaghlaigh ba shaibhre i gCorcaigh i dtús báire

Unguided sites

An Machaire, Mala, Contae Chorcaí

Áiseanna

  • Carrchlós

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Prióireacht Chairmilíteach Chaisleán Ó Liatháin

*Tá méid teoranta spásanna páirceála ar fáil

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Prióireacht Chairmilíteach Chaisleán Ó Liatháin

Bhunaigh Seán de Barra an Phrióireacht i gCaisleán Ó Liatháin ag tús an 14ú céad, i ndiaidh dó ceadúnas a fháil ón Rí Éadbhard II le píosa talún a aistriú chuig na bráithre Cairmilíteacha.

Maidir le muintir de Barra, bhí siad rachmasach agus bhí an-tionchar acu, go háirithe i gContae Chorcaí. Bhí Seán de Barra féin ina ridire. Ba nós lena mhuintir mainistreacha a chur ar bun sa chontae: bhunaigh a shin-seanathair Dáibhí I Mainistir Phroinsiasach Chill na Mallach in 1251, agus deirtear gur chabhraigh a dheartháir Liam le Mainistir Phroinsiasach Thigh Molaige a bhunú.

Cé go raibh an Phrióireacht faoi choimirce mhuintir de Barra a chéaduair, bronnadh Caisleán Ó Liatháin ar Risteard Ó Baoill, céad-Iarla Chorcaí, i ndiaidh an Reifirméisin. Rinne seisean é a bhronnadh ar a iníon, Ailís.

Bhí scoil scairte i gCaisleán Ó Liatháin faoin 18ú haois.

Cé gur bunaíodh Caisleán Ó Liatháin ag tús an 14ú haois, téann na ballóga atá ann faoi láthair siar go dtí an 15ú haois. Thug Oifig na nOibreacha Poiblí faoi obair chaomhnaithe ar an láithreán sna 1930idí.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla agus Monastic Ireland le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Ó Liatháin

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

 

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol