Séipéal agus Ardchros Chluain Catha
Ardchros a bhfuil scéalta agus dearaí le sonraí ina painéil
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Séipéal agus Ardchros Chluain Catha atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Séipéal agus Ardchros Chluain Catha
Tógadh Séipéal Chluain Catha ar sheansuíomh eaglasta de chuid Cholum Cille as Dún na nGall. Tá sé suite taobh istigh de theorainn reilige nua-aimseartha sa lá atá inniu ann. Tá Ardchros Chluain Catha suite ar na gaobhair.
Tógadh an séipéal, a bhíodh mar chuid de mhainistir a bhunaigh Naomh Buadán, sa 17ú céad. Bhaintí úsáid as anuas go dtí an bhliain 1827. Tá leac uaighe ann a chuir Magnus MacOrristin in airde. Is dócha gurbh Albanach é. Tá claíomh agus camán greanta uirthi. Tá an séipéal suite in aice le bóthar cois portaigh. Is dócha go dtéadh sé a fhad le Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire i gContae Shligigh.
Is ann do dhá Ardchros cóngarach don séipéal. Tá ceann amháin díobh go hiomlán slán nach mór (rinneadh athchóiriú uirthi); tá an ceann eile ina luí den chuid is mó agus tá an ceann bainte di. Tá an chros atá ina seasamh chóir a bheith 4 mhéadar ar airde agus tá trí phainéal i gceist leis an taobh a bhfuil a aghaidh siar: tá patrúin atá fite fuaite ina chéile le sonrú ar na painéil uachtair agus íochtair. Maidir leis an bpainéal láir, tá íomhá de dhá ainmhí ar a nglúine agus, laistíos díobh, tá beirt fhíoracha dhaonna ina suí — tá sé molta ag daoine áirithe gurb iad Naomh Pól agus Naomh Antaine atá i gceist leis na fíoracha úd agus iad sa ghaineamhlach.
Tá ceithre phainéal ar an taobh a bhfuil a aghaidh soir: tá patrúin theibí ar an dá phainéal ag an mbun; tá dearadh atá fite fuaite ina chéile i gceist leis an tríú painéal; agus tá radharc i gceist leis an bpainéal uachtair — léiriú ar scéal na mbuilíní agus na n-iasc is dócha.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Shéipéal agus Ardchros Chluain Catha
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán na dTuath
Dúnfort cois uisce a bhfuil stair an-chorraitheach ag baint leis
Timpeall 46.2 km ón Séipéal agus Ardchros Chluain Catha
Teach agus Gailearaí Gléibe SAORÁIDÍ – Teach Derek Hill
Fiosraigh bailiúchán ealaíne den chéad scoth
Timpeall 54.8 km ón Séipéal agus Ardchros Chluain Catha
Muilte Arbhair agus Lín an Mhuilinn Úir
Déan oidhreacht tionsclaíochta Uladh a chíoradh
Timpeall 55.2 km ón Séipéal agus Ardchros Chluain Catha
Caisleán Dhún na nGall
Ceann de na caisleáin Ghaelacha is áille in Éirinn
Timpeall 90.7 km ón Séipéal agus Ardchros Chluain Catha
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Ceann de chliabháin an Éirí Amach
Timpeall 118.1 km ón Séipéal agus Ardchros Chluain Catha
Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
Timpeall 134.1 km ón Séipéal agus Ardchros Chluain Catha