Skip to content

Oidhreacht Éireann

Suíomh Eaglasta Dhíseart Aonghasa

Suíomh eaglasta meánaoiseach a bhunaigh Óengus Thamhlachta

Unguided sites

An Carraigín
Contae Luimnigh

Suíomh Eaglasta Dhíseart Aonghasa

Suíomh eaglasta meánaoiseach a bhunaigh Óengus Thamhlachta

Unguided sites

An Carraigín
Contae Luimnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Díseart Aonghasa atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Tabhair faoi deara go gcaithfidh tú dul trí chlós feirme chun an suíomh seo a bhaint amach*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Suíomh Eaglasta Dhíseart Aonghasa

Bhunaigh Óengus Thamhlachta, Céile Dé, an t-imfhálú eaglasta luath-mheánaoiseach seo ar a dtugtar Díseart Aonghusa (nó Dísert Óengusa) sa bhliain 780 AD. Ba é Óengus Thamhlachta a scríobh an martarlaig meadarach ar a dtugtar Féilire Aonghasa.

Tá cloigtheach, reilig agus séipéal a bhaineann le tréimhsí éagsúla san imfhálú faoi láthair. Rinneadh oibreacha athchóirithe ar an séipéal, ach tá sé mar a bheadh dronuilleog ann i rith an ama, faoi mar a bhí sé ag an tús. Maidir leis an reilig atá thart air, níor baineadh úsáid aisti arís i ndiaidh na bliana 1868.

Dúradh in 1868 go raibh cuid de na hurláir uachtaracha in easnamh sa chloigtheach ó thuaidh ón séipéal. Chomh maith leis sin, taifeadadh go raibh sé 20 méadar ar airde (gan an barr cónúil) agus go raibh fuinneoga príomhairde ann. Rinneadh an cloigtheach as aolchloch. Baineadh leas as gaineamhchloch faoi choinne chóiriú an dorais agus na bhfuinneog. Taifeadadh go raibh an doras 2.4 méadar os cionn leibhéal na talún. Bhí cúig urlár inmheánacha ann a bhí á soilsiú ag fuinneoga scoilte. Bhí urlár na talún líonta le smionagar. Rinne an tUasal Luke Christy é a thochailt sa bhliain 1849. Fuarthas cnámhiarsmaí 1.5 méadar faoin ábhar lofa agus ní raibh aon rian de chónra. Thángthas ar thuilleadh taisí daonna ní b’fhaide síos.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol