Skip to content

Oidhreacht Éireann

Tuama Dingeach Leaba Chaillí – Leaba na bhFiann

An Tuama Dingeach is mó in Éirinn

Unguided sites

Leaba Chaillí
Contae Chorcaí

Tuama Dingeach Leaba Chaillí – Leaba na bhFiann

An Tuama Dingeach is mó in Éirinn

Unguided sites

Leaba Chaillí
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Tuama Dingeach Leaba Chaillí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Tuama Dingeach Leaba Chaillí – Leaba na bhFiann

An tuama dingeach is mó in Éirinn, Leaba Chaillí, atá 8 km siar ó thuaidh de Mhainistir Fhear Maí. Is cuid de cheithre shéadchomhartha mheigiliteacha in Éirinn iad na tuamaí dingeacha, i dteannta tuamaí cúirte, dolmainí ursanacha agus tuamaí pasáiste. Tá cáil ar leith ar an tuama dingeach in Éirinn agus meastar go bhfuil sé ar an gceann is óige dár séadchomharthaí ón gClochaois.

Tá cruth dinge ar Thuama Dingeach Leaba Chaillí, mar a thugann an t-ainm le fios. Trí leac mhullaigh mhóra á n-iompar ag trí chloch thaca ó imlíne an tuama. Is cocús fada fo-dhronuilleogach é an tuama taobh istigh agus é roinnte in dhá chuid – an cholúnáid chun tosaigh agus an seomra adhlactha ar chúl.

Rinneadh tochailt ar Leaba Chaillí in 1934 agus fuarthas cuid mhaith iarsmaí daonna ann. I measc na rudaí a fuarthas bhí iarsmaí cnámharlaigh mná, le cnámha ainmhí dóite, agus pionna cnáimhe – a úsáideadh chun an taiséadach ina mbeadh sí curtha a choinneáil slán; cnámha daonna créamtha agus smionagar potaí garbha, dhá adhlacadh, agus trí bhlaosc le smionagar potaire ghairbh. Thángthas ar adhlacthaí eile i limistéar na colúnáide le ciste ina raibh adhlacadh agus soitheach bia, seans. Is idir 2202-2138RCh atá dáta radacarbóin na n-iarsmaí daonna.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol