Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán na dTuath

Dúnfort cois uisce a bhfuil stair an-chorraitheach ag baint leis

Taobh amuigh amhain.

Amanna oscailte go léir

Caisleán na dTuath

Dúnfort cois uisce a bhfuil stair an-chorraitheach ag baint leis

Taobh amuigh amhain.

See all opening times

Rochtain laghdaithe

Taobh amuigh amhain.

Cead isteach

Saor in aisce go dtí na tailte.
Gan aon rochtain ar an daingean faoi láthair.

Getting here

Cuan na gCaorach
Co. Dhún na nGall
F92 Y9D2

Get Directions

Caisleán na dTuath

Neadaithe i mbearna cósta Chuan na gCaorach i gContae Dhún na nGall, ar imeall uiscí fiáine an Atlantaigh, atá Caisleán na dTuath – daingean meánaoiseach Mhic Suibhne.

Tógadh an daingean sna 1420idí. Le breis agus 200 bliain bhí sé mar bhaile, mar dhídean agus mar urdhún do 13 thaoiseach de chlann Mhic Suibhne ar a laghad – chonaic roinnt díobh cuid de na himeachtaí ba mhó le rá i stair na hÉireann agus ghlac roinnt eile díobh páirt sna himeachtaí sin.

Mar shampla, thug taoiseach Mhic Suibhne, Eoghan Óg II dídean dóibh siúd a tháinig slán as cabhlach Armáid na Spáinne in 1588 ag Caisleán na dTuath. Mháirseáil taoiseach deireanach an chaisleáin, Maolmhuire an Bhata Bhuí, amach le hAodh Rua Ó Domhnaill, tiarna Thír Chonaill, chuig Cath Chionn tSáile in 1601.

Is leac-uaighe shnoite mhaisithe fhíorálainn ó 1544 í leac-uaighe Mhic Suibhne. Tá sí ar taispeáint laistigh den túrtheach. Tugann na painéil taispeána ar an suíomh mionchuntas an-spéisiúil ar stair an chaisleáin.

Uaireanta Oscailte

Rochtain ar spásanna lasmuigh ar feadh na bliana.

Tá na tailte máguaird oscailte ar feadh na bliana.

Uaireanta Oscailte Séasúracha

Teagmháil

Cuan na gCaorach
Co. Dhún na nGall
F92 Y9D2

Tabhair cuairt anseo

Tá Caisleán na dTuath suite go cluthar taobh istigh de Chuan na gCaorach, i suíomh álainn cois farraige in aice an Chraoslaigh, Co. Dhún na nGall.

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Carrchlós

Srianta

  • Rochtain Theoranta

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.