Skip to content

Oidhreacht Éireann

Daingean an Phríomhgharda

Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí

17 Márta - 29 Meán Fómhair 2024

Amanna oscailte go léir

Daingean an Phríomhgharda

Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí

17 Márta - 29 Meán Fómhair 2024

See all opening times

Cead isteach

Saor in aisce

Getting here

Daingean an Phríomhgharda
Sráid an tSáirséalaigh
Cluain Meala
Co. Thiobraid Árann
E91 P7Y8

Get Directions

Daingean an Phríomhgharda

Sa seachtú haois déag, Palaitíneacht ba ea Contae Thiobraid Árann, a bhí á rialú ag James Butler, Diúc Urumhan. Nuair a chinn an Diúc gur theastaigh teach cúirte nua uaidh, thóg sé ceann i gcroílár Chluain Meala. Níos déanaí, nuair a úsáideadh mar bheairic é, tugadh Daingean an Phríomhgharda air.

Is foirgneamh breá siméadrach dhá stór é agus bunaíodh roinnt gnéithe den dearadh ar shaothair leis an ailtire cáiliúil, Sir Christopher Wren.

San ochtú haois déag, bhí sé mar ionad do Chúirteanna Seisiúin Chluain Meala. Ba í an triail ba shuntasaí a reáchtáladh ann ná triail an Athar Nicholas Sheehy, an gríosóir in aghaidh na bPéindlíthe. Crochadh agus tarraingíodh Sheehy agus gearradh ina cheathrúna é.

Thart ar an mbliain 1810, cuireadh siopaí ar urlár na talún, ach le déanaí, rinneadh athchóiriú, a bhfuil duaiseanna buaite aige, ar an bhfoirgneamh. Tá an stuara oscailte de cholúin ghaineamhchloiche mar ghné tharraingteach den tsráid-dreach arís agus taobh istigh de gheobhaidh tú taispeántas iontach agus spás d’imeachtaí.

Uaireanta Oscailte

17 Márta – 30 Meán Fómhair 2024 Máirt – Domhnach 09:00 – 16:15 (an cead isteach deiridh)

Fógra

D’fhéadfadh go ndúnfar an láithreán seo faoi ghearrfhógra. Cuir glaoch teileafóin roimh ré chun nach mbeidh díomá ort.

Teagmháil

Daingean an Phríomhgharda
Sráid an tSáirséalaigh
Cluain Meala
Co. Thiobraid Árann
E91 P7Y8

052 612 7484

Tabhair cuairt anseo

Mar thaobh amháin den phríomhshráid — Sráid Sarsfield i mbaile Chluain Meala

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Ealaín
  • Bróisiúr
  • Taispeántais ag athrú
  • Ionad Imeachtaí
  • Taispeántas
  • Siopa bronntanas
  • Turais threoraithe
  • Taispeántas léirmhínitheach
  • Ardaitheoir
  • Leithris
  • Ionad bainise
  • Tá rochtain éasca ag cathaoireacha rothaí air
  • Leithreas inrochtana

Srianta

  • Coinnigh an ráille láimhe

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.