Gairdíní Altamont
Gairdíní den tseandéanamh a bhfuil atmaisféar dá gcuid féin acu
Open all year
Cead isteach
Saor in aisce
Páirceáil €2. Íoc & Taispeáin.
Follow us
Gairdíní Altamont
Eastát mór álainn ina bhfuil 16 heictéar san iomlán is ea Gairdíní Altamont, leagtha amach i stíl William Robinson, a bhfuil ‘an tsimplíocht mhacánta’ mar sprioc aici. Suíonn an dearadh bailiúchán plandaí den scoth go foirfe taobh istigh den tírdhreach nádúrtha.
Mar shampla, tá faichí agus iúir shnoite ag síneadh le fána chuig loch a bhfuil crainn agus róslabhrais neamhchoitianta ina bhfáinne timpeall air. Tugann siúlóid iontach faoi scáth na gcrann darach agus lomáin ollmhóra chloiche ar an dá thaobh agus a theánn tríd an gCrannlann, tríd an nGairdín Portaigh agus trí Ghleann na hOighearaoise, chuig bruach na Sláine thú. Tar ar cuairt sa samhradh chun boladh álainn na rós agus na bplandaí lusacha a fháil san aer.
Mar gheall ar an gcothromaíocht atá idir na gnéithe foirmiúla agus na gnéithe neamhfhoirmiúla, idir an nádúr agus an ealaíontacht, tá pearsantacht faoi leith atá uathúil – agus draíochtúil – ag baint le Gairdíní Altamont.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Ar oscailt i rith na bliana*
*Féadfaidh siad athrú. Cuir glaoch roimh ré le do thoil.
Uaireanta Oscailte:
Ar oscailt 7 lá, lena n-áirítear laethanta saoire bainc
Meánfhad cuairte: 1 – 2 uair an chloig
Dúnta Lá NollagDúnta Lá Nollag
Fógra
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- Eanáir
09:00-16:00
- Feabhra
09:00 – 16:30
- Márta
09:00 – 17:00
- Aibreáin – Meán Fómhair
09:00 – 18:30
- Deireadh Fómhair
09:00 – 17:00
- Samhain
09:00 – 16:30
- Nollaig
09:00 – 16:00
Tabhair cuairt anseo
In aice le Balana, comharthaithe o’n N80 & N81, idir an Tulach agus Bun Clóidí
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Ealaín
- Bróisiúr
- Carrchlós
- Turais threoraithe
- Taispeántas léirmhínitheach
- Limistéar Picnice
- Leithris
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Madra treorach amháin
- Coinnigh an ráille láimhe
Suíomhanna cóngarach
Gairdíní Altamont
Caisleán Fhearna
I gcliabhán thiarnas na nAngla-Normannach
Timpeall 22.2 km ón Gairdíní Altamont
Teampall Mhuire, Gabhrán
Eaglais in bhfuil clocha oghaim, samhlacha de ridirí agus cuimhneacháin nuachlasaiceacha
Timpeall 25.9 km ón Gairdíní Altamont
Teachin Uí Dhuibhir – Mhic Alastair
Suíomh neamhghnách catha in Éirí Amach 1798
Timpeall 27.3 km ón Gairdíní Altamont