Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea an Seandaingean
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
An Seandaingean
Luíonn an Seandaingean ó dheas de Chionn tSáile ar leithinis Chaisleán na Páirce. Tháinig an dún urdhúnta seo ón 17ú haois in ionad túir a bhí ann roimhe sin agus neartaigh na Spáinnigh go mór é in 1601. I mí Feabhra 1602 cuireadh tús leis an obair ar dhún peinteagánach Paul Ives a tugadh i gcrích in 1604, agus a ainmníodh in ómós Shéamas I Shasana. Deisíodh an Seandaingean in 1611, ghabh lucht tacaíochta Chromail é in 1649, agus deisíodh arís é in 1677. Le linn chath an Dá Rí i gCionn tSáile, in 1690, thóg lucht tacaíocht Rí Liam an Seandaingean tar éis pléascán a tharla laistigh dá stórtha púdair gunna.
Chuathas isteach sa dúnán ag barr leithinis Chaisleán na Páirce trí bhealach cumhdaithe ón Seandaingean. Meastar gur tógadh é in 1604 ar £50 ag an am. Is dún beag heicseagánach ar leibhéal an chladaigh é le hacmhainn lámhaigh le haghaidh ocht gcinn de ghunnaí ar a laghad, armlann, agus cóiríocht do shaighdiúirí. Bhí sé in úsáid ina dhiaidh sin ag iascairí áitiúla chun a dtrealamh a stóráil.
Tógadh an Seandaingean agus an dúnán chun cosaint a thabhairt do chuan inmheánach Chionn tSáile ar ionsaí, go príomha ó Abhainn na Bandan. Ní raibh an chuisle sách domhain ar thaobh leithinis Chaisleán na Páirce le haghaidh ghunnaí an tSeandaingin, agus an raoin scaoilte, agus níorbh fhiú í a úsáid ó ionsaí chun farraige.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoin Seandaingean
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Daingean Míleata Rinn Chorráin
Daingean míleata réaltchruthach a sheas an fód ar feadh na gcéadta bliain
Timpeall 0.9 km ón An Seandaingean
Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile
Foirgneamh ag croílár stair Chionn tSáile
Timpeall 1.3 km ón An Seandaingean
Crannlann agus Gairdíní Fhóite
Téigh ag fámaireacht thart ar ósais oileánda de fhlóra neamhchoitianta andúchasacha
Timpeall 25.9 km ón An Seandaingean
Caisleán Chúirt an Bharraigh
Túrtheach breá Éireannach a bhfuil lorg catha air
Timpeall 28.8 km ón An Seandaingean
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 55.8 km ón An Seandaingean
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 57.8 km ón An Seandaingean