Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán an Rí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán an Rí
Is daingean meánaoiseach é Caisleán an Rí. Is seoid de chuid Chill Mocheallóg é. Ainmníodh as Seon, Rí Shasana é. In ainneoin an ainm atá air, is dócha gur tógadh an Caisleán thart faoin 15ú haois. Fuair an Rí Seon bás sa bhliain 1216.
Tá bunfhuinneoga muilleanacha (barraí cloiche ingearacha) agus forbhallaí san fhoirgneamh ceithre stór seo. B’fhéidir go raibh sé mar chuid de bhealach isteach gheata thuaidh an bhaile um an dtaca sin. Cuireadh na fuinneoga rinneacha suntasacha leis an struchtúr go mall san 18ú haois. Rinneadh é a athchóiriú sa 19ú haois. Baineadh leas as mar cheárta ar feadh scaithimh.
Túr ‘sonnaigh’ (daingean nó túrtheach beag daingnithe) is ea Caisleán an Rí. Is dócha nárbh é an t‑aon túrtheach i gCill Mocheallóg é, ach is é an t‑aon cheann atá fós ann sa lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1645, bhain na hÉireannaigh leas as mar armlann faoi Thiarna Ghleann Bearcháin le linn Chogaí na Comhdhála in Éirinn. Sé bliana ina dhiaidh sin (1651), bhain fórsaí parlaiminteacha Oilibhéir Chromail úsáid otharlainne as.
Is é an caisleán croílár Chill Mocheallóg fós sa lá atá inniu ann (i dteannta na Prióireachta Doiminicí trasna uaidh). Tá bealach áirseach ar an leibhéal íochtarach a ligeann don phobal siúl tríd; ligeann sé dóibh dul siar sa stair freisin.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán an Rí
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 14.1 km ón Caisleán an Rí
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 20.6 km ón Caisleán an Rí
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 23.2 km ón Caisleán an Rí
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 23.5 km ón Caisleán an Rí
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 33.3 km ón Caisleán an Rí
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 34.8 km ón Caisleán an Rí