Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Bhéal an Átha Fada atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Bhéal an Átha Fada
Thóg an Ridire Risteard Bingeam Caisleán Bhéal an Átha Fada sa bhliain 1590. Tógadh é chun an bealach tríd an gCorrshliabh, ar a dtugtar Mám an Chorrshléibhe, a chosaint. Is é sin an fáth a bhfuil ainm eile ar Chaisleán Bhéal an Átha Fada: Caisleán an Chorrshléibhe.
Tá Caisleán Bhéal an Átha Fada bunaithe ar stíl an 13ú céad. Tá ceithre urlár ann. Tá corp an chaisleáin dronuilleogach agus tá ceithre chloigtheach sna coirnéil. Tá na stoic shimléir ar na túir thoir agus thuaidh i rith an ama. Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí deis mhór ar an gcaisleán sna 1940idí mar gur ligeadh i léig é ón mbliain 1680 amach.
Scrios Aodh Ruadh Ó Domhnaill cuid den chaisleán sa bhliain 1595. Rinneadh ionsaí eile air le linn éirí amach na hÉireann in 1641 agus b’éigean do na húinéirí géilleadh de bharr ganntanas uisce.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Bhéal an Átha Fada
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Mainistir Na Búille Chistéirseach
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
Timpeall 6.4 km ón Caisleán Bhéal an Átha Fada
Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
Timpeall 26.5 km ón Caisleán Bhéal an Átha Fada
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn suite i dtírdhreach drámatúil neoiliteach
Timpeall 27.7 km ón Caisleán Bhéal an Átha Fada
Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Lean lorg na Banríona Medb ag príomhchathair ársa Chonnacht
Timpeall 28.0 km ón Caisleán Bhéal an Átha Fada
Mainistir Shligigh
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Timpeall 28.6 km ón Caisleán Bhéal an Átha Fada
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Ceann de chliabháin an Éirí Amach
Timpeall 39.1 km ón Caisleán Bhéal an Átha Fada