Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Bhéal Átha Málais

Arna dhearadh de réir stíl túrthí

Unguided sites

Béal Átha Málais
Contae Chiarraí

Caisleán Bhéal Átha Málais

Arna dhearadh de réir stíl túrthí

Unguided sites

Béal Átha Málais
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Bhéal Átha Málais atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Bhéal Átha Málais

Gnáth-thúrtheach Éireannach is ea Caisleán Bhéal Átha Málais. Tá sé lonnaithe 4 km siar ó thuaidh ó Lios an Phúca, os cionn na Leamhna. Muintir Uí Mhuircheartaigh a thóg é i dtosach sa 16ú céad. Deir daoine eile gur mhuintir Uí Fhearghuis a thóg é, áfach. Tá sé curtha síos do mhuintir Uí Fhearghuis, caomhnóirí Líne na Leamhna, gurbh iadsan a d’athchóirigh an túr ag deireadh an 16ú céad. Bhí Murchadh Mac Eoghain Ó Fearghuis, duine de shliocht Uí Fhearghuis, ina úinéir ar an túr sa bhliain 1656. Choigistigh coróin na Breataine an réadmhaoin in 1677, áfach, agus bronnadh ar an Ridire Francis Brewster — scríbhneoir faoi chúrsaí trádála agus iar-Ardmhéara Bhaile Átha Cliath — é. Bhí Brewster ar dhuine den seachtar coimisinéirí a rinne imscrúdú ar eastáit ghéillte in Éirinn in 1698. Bhronn Brewster an túr ar mhuintir Éigir ina dhiaidh sin. Ba le Tomás Éigear agus a mhac, Séamas, an túr san 18ú céad. Ba le Roibeard Hilliard an túr ag an am céanna freisin, áfach.

Foirgneamh dronuilleogach ceithre stór gan forbhallaí é an túr. Tógadh le haolchloch é. Téitear isteach ann trí dhoras sa bhalla thoir ar urlár na talún. Tá áirse rinneach agus imeall seaimféaráilte ag baint leis an doras. Tugann poll geata sparraí iarainn le fios go mbíodh geata sparraí iarainn (doras miotail cosanta seachtrach) mar chuid den bhealach isteach seo. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí anrud oibreacha deisiúcháin ar sheomra an bhunurláir. Tá staighre bíseach deiseal i gcoirnéal thoir theas an bhunurláir a théann suas go dtí na hurláir uachtaracha. D’atóg Oifig na nOibreacha Poiblí íochtar an staighre bhísigh cloiche, ach tá an staighre bunaidh ann ón gcéad urlár aníos. Tá fuinneog sa bhalla thuaidh atá cosúil leis an bhfuinneog sa bhalla theas, is é sin, léas cruinncheannach amháin lena mbaineann spré spréite.

Baintear an chéad urlár amach ón staighre bíseach trí dhoras áirse rinní. Soilsíonn fuinneoga an bhalla thuaidh, an bhalla theas agus an bhalla thiar seomra an chéad urláir. Is ionann stíl do na fuinneoga; léas récheannach amháin, spré spréite agus spás mór íochtarach cearnógach. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí na fuinneoga thuaidh agus thiar, agus an teallach sa bhalla thiar, a atógáil. Tá seomra múrach ar an gcéad urlár, díreach os cionn an bhealaigh isteach.

Macasamhail an chéad urláir, baintear an dara hurlár amach ón staighre bíseach trí dhoras áirse rinní. Is ann do theallach sa bhalla thuaidh, díreach os cionn theallach an chéad urláir. Tá seomra múrach anseo freisin atá ar aon dul leis an gceann faoina bhun. Baintear an dá bhartasán (túiríní cúinne tarchrochta i gcomhair faire agus cosanta) amach ón urlár seo. Is ionann na bartasáin diomaite de mhionghné amháin — tá móitíf bhláthach snoite i gcoirbéal láir an bhartasáin thiar theas.

Tá sé fhuinneog ar an tríú hurlár: tá péire sa bhalla theas agus sa bhalla thuaidh agus tá ceann amháin sa bhalla thoir agus sa bhalla thiar. Tá na fuinneoga thoir agus thiar ar nós na bhfuinneog san urlár thíos. Maidir leis an bpéire fuinneog sna ballaí thuaidh agus theas, tá trí léas ar a bhfuil ceann címe ag baint leo, mar aon le deighilt mhuillin agus múnlálacha húda. Tá ascaillí stua na fuinneoige thuaidh maisithe le móitífeanna snoite, lena n-áirítear éan agus patrúin duille.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Bhéal Átha Málais

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol