Caisleán Chill Bhláin
Cuid de líne Caisleán a bhfuil ceangal acu le Ridirí Normannacha
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Chill Bhláin atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Chill Bhláin
Suite ar bharr chnoc Chill Bhláin tá Caisleán Chill Bhláin, níos lú ná 1km ó Shráidbhaile Áth an Mhuilinn. Is sampla de chaisleán imfhálaithe é Cill Bhláin; a bhí cosúil ó thaobh stíle de ar dtús le stíl Chaisleán Lios Cearúill atá ina sheasamh go fóill. Gabhann Cill Bhláin siar go dtí an 13ú haois, tráth ar tháinig Maurice de Rocheford air, Ridire Normannach, agus is cuid de líne caisleán é, lena n-áirítear Caisleán Lios Cearúill, a tógadh chun críoch na Normannach a chosaint ar ionsaithe ó chlanna Gaelacha a bhí ag dul i neart arís. Tá dhá thúr cosanta chiorclacha agus imbhalla mar chuid d’fhothracha Chill Bhláin.
Faoin 14ú haois maíodh gurbh é Thomas Mac Seáin Mac Giobúin an t-úinéir agus choinnigh a shliocht é go dtí 1587 tráth ar bronnadh ar Hugh Cuffe é. Ach ba le linn thionóntacht Mhic Giobúin a rinneadh athchóiriú mór ar an gcaisleán, tráth ar atógadh imbhallaí agus cuireadh síleáil nua bhoghtaí isteach sna túir. Bhain Cuffe, ceannaí agus saighdiúir a rugadh i Sasana, leas as an Éirí Amach i nDeasumhain ar theip air agus Plandáil na Mumhan ina dhiaidh sin agus bronnadh Caisleán Chill Bhláin air. Mar sin féin, ghlac teaghlach Mhic Giobúin seilbh air arís. Le linn an éirí amach i nDeasumhain, chaill Daithí Mac Giobúin na heastáit mhóra a bhí aige agus bhí Cill Bhláin ar cheann acu. Mar sin féin ghéill Daithí do Iarla Urumhan agus mar sin níor cheart go ndéanfaí a thalamh a choigistiú. Bhí a fhios ag bean mhuinteartha le Daithí, Ellen Gibbon, faoin mbotún seo agus d’ordaigh go dtabharfaí na heastáit sin ar ais in agra dár dáta mí na Nollag 1589 don Bhanríon Eilís I. In 1591 d’ordaigh an Bhanríon Eilís I do Hugh Cuffe tailte Chill Bhláin a ghéilleadh do Ellen agus dá fear céile William Power as Port Láirge.
In 1592, scríobh William chuig an Tiarna Burghley agus é ag gearán go raibh cuid mhaith den obair athchóirithe a rinne Cuffe scriosta ag a bhanchéile Ellen, agus bhí Cuffe ag éileamh cúiteamh as costas a chuid athchóirithe. Chaill Cuffe 6,000 acra tar éis é a bhronnadh arís ar Ellen agus William. Ní raibh aon síocháin i ndán dóibh. In éirí amach eile i gCúige Mumhan in 1598 chaill William Caisleán Chill Bhláin leis an gCaptaen Tyrrell, ar thug Iarla Dheasumhan dó é mar bhronntanas.
Bhí saol sách corrach ag William as sin amach, i gcuideachta Iarla Dheasumhan, Iarla Essex a lig do William ceannas a ghlacadh ar an arm is mó a bhí ag Éirinn riamh, go dtí gur scaoil an Fear Ionaid leis in 1600, agus cuireadh i gceannas arís é tar éis a bheith ag clamhsán le Cecil i Londain. Bhí William sáite sa scéal nuair a bhí George Carew, Tiarna agus Uachtarán na Mumhan, ag iarraidh breith ar Iarla an tSúgáin a mhéid is go raibh William mar chuid de ghríosadh chun luíochán a dhéanamh ar Iarla an tSúgáin. In 1602 bhí William i gcuideachta an Ridire Samuel Bagnall i Maigh Chromtha. Rinneadh ridire de William in 1610 agus in 1615 tugadh cead dó a thalamh a ghéilleadh ach bronnadh air é in athuair, Cill Bhláin ina measc. Bhí mac agus oidhre William, John, básaithe roimhe ach bhí Daithí fágtha. In 1641 agus in 1642 is eol go raibh William agus a gharmhac ag diabhlaíocht i gceantar Lios Cearúil. Bhí cónaí ar William ag Caisleán Chill Bhláin go fóill. De bharr an méid a rinne Daithí sheol fir Chromail go Connachta é agus chaill sé 7,000 acra i gCorcaigh, an Caisleán ina measc. Mar sin féin in 1666 thug cúirt na n-éileamh 1,000 acra ar ais do Dhaithí, ach ní raibh Cill Bhláin ina measc.
In 1654 bronnadh Caisleán Chill Bhláin ar an gCaptaen John Nicholls, as reisimint an Tiarna Broghill faoi cheannas Chromail. Bhí eastát mór tógtha ag Nicholls timpeall ar Chill Bhláin ach ní raibh aon mhac mar oidhre aige. Bhí iníon Nicholls, Mary, chun John Bowen a phósadh agus rinneadh margadh in 1659 i gcás go socróidís síos i gCaisleán Chill Bhláin, go bhfágfadh Nicholls a eastát uilig ag Bowen. Bhí Mary agus John Bowen agus a gclann ina dhiaidh sin ina n-úinéirí ar Chill Bhláin agus thóg siad teach Chill Bhláin sa deireadh sa 18ú haois. Ba é John Bowen an mac ba shine ag an Lt Cor. Henry Bowen as an Fhairche, gar do Dhún ar Aill i dTuaisceart Chorcaí, a bhfuair an scríbhneoir cáiliúil agus an péiceallán Éireannach Elizabeth Bowen a háitreabh féin Bowenscourt le hoidhreacht.
Tá bealach isteach an túir thiar ar leibhéal na talún ar an taobh thoir, agus áirse chruinn chloiche os cionn an dorais. Tá bealach isteach chuig urlár ciorclach na talún faoi sholas ag dhá fhuinneog scoilte ó thuaidh agus siar ó theas. Ar an taobh ó theas de sheomra na talún tá staighre múrach a théann suas go dtí an chéad urlár.
Tá cruth heicseagánach ar an seomra ar an gcéad urlár le síleáil phointeáilte boghtaí, faoi sholas ag fuinneoga ar an taobh thiar agus thiar theas. Tá spré spréite agus boghtaí deighilte le díon sna fuinneoga ach tá suíochán fuinneoige san fhuinneog thiar theas agus solas faoi cheann címe. Níl ach stumpa den túr fós slán ar an dara hurlár.
Tá bealach isteach an túir ó theas ar leibhéal na talún ó thuaidh. Atógadh an doras ceannchruinn sa 17ú haois agus seans gurb é Cuffe a bhí ina bhun, agus ansin Ellen. Tá poll uafáis más é atá ann lasnairde agus téitear isteach ansin ar urlár na talún, atá ciorclach. Tá scoiltíní fuinneoige ar an mballa ó theas agus siar ó dheas agus díon ar an spré trí bhoghtaí loma agus lúb ghunna freisin ar an bhfuinneog siar ó dheas. Tugann staighre bíse rochtain ar an gcéad urlár.
Tá boghta cruinneachánach pointeáilte sa chéad seomra ar an gcéad urlár den túr ó theas seo agus fuinneoga ar an mballa siar ó thuaidh agus ó theas. Tá suíochán fuinneoige san fhuinneog siar ó thuaidh agus tá solas ceann címe san fhuinneog ó theas. I measc na ngnéithe ailtireachta anseo tá barra tarraingthe agus log súile ar crochadh i gcomhair dorais agus stua dorais pointeáilte. Déantar staighre cloiche bíseach den staighre caol a thugann rochtain ar an dara hurlár, nach ann dó, atá tite as a chéile le himeacht ama.
Tá imbhalla siar ó theas agus imbhalla eile siar ó thuaidh ach níl iontu ach fothracha. Tá doras san imbhalla ó thuaidh, b’fhéidir ón uair ar tógadh teach Chill Bhláin ina aghaidh. Tá píosa díge ann go fóill freisin.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Chill Bhláin
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 19.2 km ón Caisleán Chill Bhláin
Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill
Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí
Timpeall 22.5 km ón Caisleán Chill Bhláin
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 25.5 km ón Caisleán Chill Bhláin
Gairdíní Garrán Anna
Parthas Gairneoireachta i dtuaisceart Chorcaí
Timpeall 29.7 km ón Caisleán Chill Bhláin
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 30.2 km ón Caisleán Chill Bhláin
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 30.4 km ón Caisleán Chill Bhláin