Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Dhún Mó atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Dhún Mó
Suite os cionn na Bóinne, tógadh Caisleán Dhún Mó i stíl an 13ú haois, ach seans gur tógadh an caisleán féin le linn an 15ú haois.
Bhí an caisleán faoi chúram theaghlach na nDorchaíoch, bhí 395 acra talún ag Thomas Darcy in 1640, agus bhí an caisleán ar an talamh sin, in éineacht le séipéal agus muileann.
Rinneadh roinnt ionsaithe air: an chéad cheann in 1649 le linn ionradh Chromail, nuair a caitheadh urchair leis an gcaisleán ón mbruach ar an taobh eile le linn do Chromail a bheith ag bogadh ó Dhroichead Átha go Baile Átha Buí. Bhí sé faoi ionsaí arís in 1690 le linn Chath na Bóinne. Mar sin féin, is beag damáiste a rinneadh don chaisleán sa dá ionsaí sin. Ba le linn éirí amach 1798 a rinneadh an damáiste mór do Dhún Mó, tráth ar scrios tine an caisleán.
Inniu, tá dhá thaobh an chaisleáin fós ina seasamh, foirgneamh breá ceithre stór tráth dá raibh.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Dhún Mó
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Teamhair
Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe
Timpeall 10.7 km ón Caisleán Dhún Mó
Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne: Sí an Bhrú, Cnóbha agus Dubhadh
Tabhair cuairt ar an tírdhreach seandálaíochta is saibhre in Éirinn
Timpeall 12.6 km ón Caisleán Dhún Mó
Láithreán Mainistreach Chistéirseach na Seanmhainistreach Móire
Tabhair cuairt ar an gcéad áit a bhunaigh na Cistéirsigh in Éirinn
Timpeall 13.6 km ón Caisleán Dhún Mó
Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid
Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa
Timpeall 15.4 km ón Caisleán Dhún Mó
Caisleán Bhaile Átha Troim
An siombal is mó le rá de chaithréim na Normannach
Timpeall 16.7 km ón Caisleán Dhún Mó
Reilig Mheigiliteach Loch Craobh
Buaicphointe na healaíne agus an dearaidh Neoilitigh
Timpeall 32.2 km ón Caisleán Dhún Mó