Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi úinéireacht an stáit é Caisleán Ghallarais atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Ghallarais
Túrtheach Éireannach is ea Caisleán Ghallarais atá suite i mBaile na nGall, sráidbhaile Gaeltachta ar Leithinis an Daingin agus é 1km ó Shéipéilín cáiliúil Ghallarais.
Níl an balla íseal sa túr dronuilleogach ceithre stór níos mó ach tá an díon stuach fós slán. Tógadh an túr ag úsáid smionagar cloiche scoilte, agus iad leagtha síos i moirtéal le clocha coirnéil gaineamhchloiche leabaithe san aghaidh. Ba bheagnach mar an gcéanna ceithre stór taobh istigh Chaisleán Ghallarais, le príomhsheomra, pasáiste múrach laistigh de thiús an bhalla ó thuaidh, agus é ina staighre níos déanaí a thosaigh ón tríú stór. Bhí na bíomaí tógtha isteach sna príomhurláir agus taca acu ó choirbéil ar an mballa thoir agus thiar. Ón dara stór suas tá an balla thoir agus thiar ag claonadh isteach, rud a mhéadaíonn tiús an spáis balla agus lena rabhthas in ann na pasáistí múracha a thógáil.
Tá an bealach isteach bunaidh chuig urlár na talún ar an mballa ó thuaidh gan aon bhealach isteach ó urlár na talún chuig an gcéad urlár, ón taobh istigh. Bhíothas in ann dul chomh fada leis an gcéad urlár ar dhréimire agus tá dhá lúb dhéspréite chaola (fuinneoga) sna ballaí thoir agus theas, an dá cheann dúnta ag comhlaí adhmaid agus ag barraí tarraingthe. Tá cupard balla sa cheann ó dheas den bhalla thoir agus cupard cúinne siar ó dheas.
Tá fuinneoga ar na ballaí ó dheas, thoir agus thiar ar an gcéad urlár – soilse caola le hursaineacha seaimféaráilte agus iad céimnithe le haghaidh comhla. Bhí suíochán fuinneoige ag gabháil leis an bhfuinneog ó dheas. Tá pasáiste múrach agus clóiséad ann freisin.
D’fhéadfadh sé go raibh bealach chuig an dara hurlár, ó staighre adhmaid, agus tá fuinneoga air mar a bhí san urlár roimhe sin, i.e. ar na ballaí ó dheas, thoir agus thiar – arís bhí suíochán fuinneoige ag gabháil leis an bhfuinneog ó dheas.
Tá an tríú hurlár cosúil leis an urlár roimhe le staighre gearr ag dul amach ar an siúlán dín.
Ceaptar go ngabhann Caisleán Ghallarais siar go dtí an 15ú haois, gur tógadh é do Ridire Chiarraí ar ar tugadh an Ridire Glas freisin agus é ar cheann de thrí ridireacht oidhreachta Ghael-Normannacha arbh ann dóibh ón aimsir fheodach in Éirinn. Is é an Ridire Bán agus Ridire an Ghleanna an dá cheann eile. Ba chuid de ríshliocht Mhic Gearailt é Ridire Chiarraí agus ar ar tugadh na Gearaltaigh freisin. Bhí Caisleán Ghallarais á áitiú ag na Gearaltaigh go dtí 1688. Tugtar le fios i ndeontas talún ó Rí Séamas I in 1605 go mba le Gearóid Mac Riocaird Mac Gearailt eastát Ghallarais.
Ar chaoi éigin bhí Iarla Mór Chorcaí, Richard Ó Baoill, ag fáil cíosa ar eastát Ghallarais ó Maurice Mac Gearailt in 1631, ach ba chosúil go raibh caisleán Ghallarais ar léas ag na Gearaltaigh le Ó Baoill. Breacann Ó Baoill síos an cíos a fuarthas – £4/4/6 (punt, scilling agus pingin) agus Ó Baoill á rá freisin gur thug seisean £4/4/6 ar ais do Maurice Mac Gearailt a bhí bocht.
Is cuid den rud ar a dtugtar Cosán na Naomh é Caisleán Ghallarais inniu, an cosán oilithreachta ársa ó Cheann Trá go Cnoc Bréanainn, i measc na láithreán eile tá caiseal Chathair Deargáin, séipéal Chill Maoilchéadair agus Séipéilín Ghallarais.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Ghallarais
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ionad an Bhlascaoid
An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda
Timpeall 8.2 km ón Caisleán Ghallarais
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 43.2 km ón Caisleán Ghallarais
Maoin Oidhreachta Domhanda EOECNA Sceilg Mhichíl
Mainistir Oileánda ina seasamh go hard os cionn na farraige
Timpeall 45.7 km ón Caisleán Ghallarais
Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 48.6 km ón Caisleán Ghallarais
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 58.8 km ón Caisleán Ghallarais
Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach
Timpeall 66.7 km ón Caisleán Ghallarais