Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Lios Cearúill

Caisleán inar doirteadh neart fola

Unguided sites

Lios Cearúill
Contae Chorcaí

Caisleán Lios Cearúill

Caisleán inar doirteadh neart fola

Unguided sites

Lios Cearúill
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Lios Cearúill

*Tabhair do d’aire go bhfuil an séadchomhartha seo suite i bpáirc feirmeoireachta*

*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Lios Cearúill

Tá Caisleán Lios Cearúill i gcroílár shráidbhaile Lios Cearúill, i dtuaisceart chontae Chorcaí. Bhí an caisleán seo, in éineacht le Caisleán Chill Bhláin, mar a bheadh líne chosanta ann in aghaidh ionsaithe ó theaghlaigh Ghaelacha a bhí i mbun gluaiseachta. Tá barda cearnóige taobh istigh sa chaisleán mór Angla-Normannach, agus é dúnta isteach ag imbhalla le túir chiorclacha ar an dá thaobh, le dhá thúr D-chrutha ar gach aon taobh den túr-gheata sa lár. Tógadh an caisleán cloiche le haolchloch.

Is iad muintir Barry a thóg Caisleán Lios Cearúill (daoine muinteartha le muintir Barry i gCaisleán Chúirt an Bharraigh agus muintir Barry i bPrióireacht an Bhaile Bhig) sa 13ú haois agus cuireadh tuilleadh leis ón 16ú haois. Maraíodh os cionn 600 duine i gCath Lios Cearúill in 1642, scriosadh teaghlaigh, agus crochadh príosúnaigh, agus b’éigean olluaigheanna a dhéanamh do na marbháin. Bhí David Barry, 1ú hIarla Bharrach Mór, agus leas-deartháir leis, Lewis Boyle, mac 1ú hIarla Chorcaí, ina measc siúd a d’éag.

Tríd an túr-gheata a bhí an bealach isteach sa chaisleán, toisc gurbh é sin an chuid ba laige den chaisleán, le hoscailt leathan, ba aige a bhí an chosaint ba mhó. Bhí geata crochta sa túr-gheata, agus tá píosaí de fós le feiceáil, poill uafáis, poll lámhaigh seans agus fuinneoga caola scoilte. Is le haghaidh cúrsaí cosanta a úsáideadh formhór na gcineálacha seo túr, agus tá móta thart timpeall ar Lios Cearúill chun tuilleadh cosanta a thabhairt dó.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Lios Cearúill

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol