Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Caisleán Loch Uachtair
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Caisleán Loch Uachtair
Tá Caisleán Chloch Locha Uachtair lonnaithe timpeall leath bealaigh idir baile an Chabháin agus Cill na Seanrátha i gCo. an Chabháin.
Thóg muintir Uí Raghallaigh sa 13ú nó i dtús an 14ú haois é, ar oileán saorga, nó crannóg, i gCloch Locha Uachtair, atá ar cheann den iliomad lochanna áille sa chóras casta uiscebhealaigh a bhfuil reanna, leithinsí, agus oileáin de chruthanna agus méideanna éagsúla i gceist leis, lonnaithe idir Cill na Seanrátha san iarthar, Béal Tairbirt sa tuaisceart, Baile an Chabháin san oirthear agus sráidbhaile Chros Domhnaigh sa deisceart. Is ar bhád amháin is féidir dul chomh fada leis an gcaisleán, cé go gcreidtear go mbíonn iarsmaí cosáin le feiceáil, nuair a bhíonn leibhéal uisce an locha an-íseal. Tá oileán Eoinse, Inse, agus na Tríonóide ar an loch céanna. Tá iarsmaí Mhainistir na Tríonóide ar Oileán na Tríonóide.
Rinneadh taifead sna hannála a cuireadh le chéile idir 1632 agus 1636, a tugadh le chéile ní ba dhéanaí chun Annála na gCeithre Mháistir a dhéanamh, ar neart gníomhaíochtaí stairiúla a bhí ar siúl i gCloch Locha Uachtair. Téann an ghníomhaíocht thaifeadta is sine siar go dtí 1327, nuair a “thóg Ó Ruairc Caisleán Chloch Locha Uachtair, ach thug sé uaidh arís é ar 20 bó.” Ar feadh 300 bliain ina dhiaidh sin, bhí seilbh ag grúpaí polaitiúla difriúla agus teaghlaigh mór le rá na hÉireann agus Shasana ar an gcaisleán.
Cé go bhfuil tuairimí difriúla ann faoi bhunús cruinn an chaisleáin – táid ann a deir gur tógadh sa 6ú haois é, sular cuireadh Cloigtheach Dhroim Leathan in airde; nó gur phrionsa as an Danmhairg atá ligthe i ndearmad le fada an lá a chuir suas é; agus táid ann a deir gurbh é muintir Uí Shirideáin a chuir suas é – tá a fhios ag an saol cathain a leagadh síos sa 17ú haois é.
De réir na dtaifead staire, le linn Éirí Amach na hÉireann ó mhí Dheireadh Fómhair 1641 go mí Bealtaine 1642, bhí an Ceart-Oirmhinneach William Bedell, an cúigiú Propast ó Choláiste na Tríonóide agus Fíor-Oirmhinneach Anglacánach ón gCill Mhór, Co. an Chabháin, scoláire mór le rá na Gaeilge, agus an té a d’aistrigh an Sean-Tiomna go Gaeilge, sa phríosún ar feadh roinnt seachtainí lena bheirt mhac agus a leasmhac sa chaisleán. Bhí an-ghean ar an ministir i measc gach réimse den tsochaí agus nuair a cailleadh i mí Feabhra 1642 é, tháinig an ceannaire Ó Raghallaigh ar fhórsaí na reibiliúnach go taobh a uaighe agus fágadh slán uasal leis.
Cailleadh an saighdiúir mór Gaelach, Eoghan Ruadh Ó Néill, ceannaire na n-arm náisiúnta agus an t-aon straitéisí míleata a bhí ábalta dul i ngleic le hOilibhéar Cromail go héifeachtúil, ar an oileán ar Lá Fhéile Lionard an 6 Samhain 1649. De réir an tseanchais, cuireadh an dallamullóg air: dúnmharaíodh é i ndiaidh dó damhsa i bpéire buataisí nimhe, a thug bean a bhí i bhfách le cúis na bParlaiminteoirí dó. Trí bliana ina dhiaidh sin, chuir saighdiúirí Chromail an caisleán faoi léigear, rud a chuir craos ar aghaidh theas an bhalla. An 27 Aibreán 1653, ghéill an garastún agus níorbh fhéidir an daingean a úsáid as sin amach.
Tá an caisleán, a bhfuil leagan amach ciorclach air, seasta ar ardán ithreach breis agus 3 mhéadar (10 dtroithe) os cionn ghnáthleibhéal an locha le linn an tsamhraidh. Tá sé 17 méadar (55 troithe) ar airde ar an iomlán, agus trastomhas 10.5 méadar (35 troithe) ann, agus tiús 2.13 méadar (7 dtroithe) sa bhalla lasmuigh. Tá lorg 5 stór ann, a raibh bíomaí fúthu, uchtbhalla a raibh táibhle air ar an mbarr, é timpeall 1.82 méadar (6 troithe) ar airde agus .76 méadar (2 throigh 6 orlach) ar tiús. Tá na ballaí laistigh ar iarraidh anois, ach tá iarsmaí balla thiubh dealaithe san íoslach fós le feiceáil. Baineadh aon ursain fuinneoige mhaisithe agus cóirithe eile agus tógadh an struchtúr uilig as saoirseacht smionagair. Bhí an bealach isteach a bhí air ó thús timpeall 4.7 méadar (15 troithe) os cionn na talún, agus níl fágtha de sin ach áirse chuar dhea-fheistithe.
Thit nó leagadh síos tuairim agus an tríú cuid den bhalla cuar a bhfuil aghaidh theas air, ag nochtadh ábhar tógála na mballaí tiubha. Tá tuiscint níos fearr againn ar conas a tógadh an caisleán, ó thaobh cúrsaí teicniúla de, dá bharr sin.
Bhíodh iarsmaí foirgnimh a bhain leis an gcaisleán ann tráth, i dtreo an oirdheiscirt ar an mórthír, i mbaile fearainn Inis Conaill.
In 1847, fuarthas 3 thrumpa i bhfoisceacht an chaisleáin, agus thug an Tiarna Farnham, ó Eastát Farnham a bhí in aice láimhe, d’iarsmalann Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath iad.
In 2023, glanadh suas an suíomh go mór agus baineadh sraith staighrí agus seanardán ón 20ú haois a bhí ar airdí éagsúla, chomh maith le heidhneán a bhí tar éis fás an-chuid. Tá níos mó mionsonraí de chreatlach an chaisleáin le feiceáil dá bharr sin.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Loch Uachtair
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Reilig Mheigiliteach Loch Craobh
Buaicphointe na healaíne agus an dearaidh Neoilitigh
Timpeall 37.9 km ón Caisleán Loch Uachtair
Mainistir Bhaile Fhobhair
Aimsigh oidhreacht rúndiamhair Naomh Feichín
Timpeall 40.1 km ón Caisleán Loch Uachtair
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Ceann de chliabháin an Éirí Amach
Timpeall 49.6 km ón Caisleán Loch Uachtair
Bóthar Iarannaoise agus Ionad Cuairteoirí na Coirre Léithe
Cosán isteach sa stair
Timpeall 51.9 km ón Caisleán Loch Uachtair
Mainistir Na Búille Chistéirseach
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
Timpeall 55.3 km ón Caisleán Loch Uachtair
Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Lean lorg na Banríona Medb ag príomhchathair ársa Chonnacht
Timpeall 58.7 km ón Caisleán Loch Uachtair