Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ciorcal Liag na Bealtaine

Séadchomhartha a bhféadfadh ceangal a bheith aige le Féile na Bealtaine

Unguided sites

Tops
Contae Dhún na nGall

Ciorcal Liag na Bealtaine

Séadchomhartha a bhféadfadh ceangal a bheith aige le Féile na Bealtaine

Unguided sites

Tops
Contae Dhún na nGall

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Ciorcal Liag na Bealtaine atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Ciorcal Liag na Bealtaine

Seasann Ciorcal Liag na Bealtaine ina bhfuil 64 gallán, cé gur ceapadh ar dtús go raibh os cionn 80 acu ann, ar mhullach Chnoc na Bealtaine agus é os cionn 300 troigh ar airde, le radhairc bhreátha as ar an tírdhreach timpeall air. De réir na Miotaseolaíochta Ceiltí maítear go bhfuil sé suite os cionn Magh Itha, láithreán ársa chéad chath na hÉireann tráth den saol.

Tá ciorcail liaga na Bealtaine atá 45 m ó thaobh amháin go taobh eile, ar cheann de na ciorcail liaga is mó in Éirinn. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur tuama pasáiste meigiliteach a bhí i gciorcal liag na Bealtaine uair amháin. In 1846, thug Thomas Fagan cuairt ar an séadchomhartha agus chonaic sé go raibh smál éigin ar an gciorcal taobh istigh. Mhaígh muintir na háite gur chumhdaigh an talamh ardaithe uaigheanna, áit ar thángthas ar chnámha lofa roimhe sin.

Ba i limistéar na Bealtaine timpeall air a thángthas ar Cheann Cloiche na Bealtaine, a meastar a ghabhann siar go dtí an Iarannaois.

Gach seans go dtagann an t-ainm an Bhealtaine ó Fhéile na Bealtaine, an féasta a bhíonn ar siúl ag tús mhí na Bealtaine chun comóradh a dhéanamh ar theacht an tsamhraidh.

Tá leaganacha éagsúla ann maidir le tábhacht na Bealtaine, ach luaitear iontu ar fad an ceangal leis an tine, agus an siombalachas a bhaineann le tine a lasadh in ómós dhia gréine na gCeilteach, nó chun eallach a chosaint an bhliain sin, nó chun stop a chur le geasa an oilc a bhain le cailleacha agus sióga.

Ciallaíonn Bealtaine ‘Tine Gheal’, agus nuair a scalann an ghrian ar an gCiorcal Liag sa Bhealtaine, is furasta a thuiscint cén fáth ar tugadh é sin air.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chiorcal Liag na Bealtaine

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol