Skip to content

Oidhreacht Éireann

Ciorcal Liag na Gráinsí

Ciorcal liag ón gCré-umhaois suite laistigh de thírdhreach álainn Loch Goir

Unguided sites

An Ghráinseach, Loch Goir, Co. Luimnigh

Ciorcal Liag na Gráinsí

Ciorcal liag ón gCré-umhaois suite laistigh de thírdhreach álainn Loch Goir

Unguided sites

An Ghráinseach, Loch Goir, Co. Luimnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Ciorcal Liag na Gráinsí atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Ciorcal Liag na Gráinsí

Is siombail iontach den Chré-umhaois é Ciorcal Liag na Gráinsí i Luimneach. Tá an clós ciorclach seo atá 4,000 bliain d’aois agus ar an gceann is mó in Éirinn, déanta suas de 113 ghallán tadhlach.

Tugann cruth nach mór foirfe an chiorcail agus an lorg cuaille a aimsíodh ina lár le fios go ndearnadh é a thomhas go fíorchúramach trí úsáid a bhaint as cuaille lárnach maille le téad. Rinneadh na galláin agus an bealach isteach a ailíniú le luí na gréine ar fhéile na Samhna a bhíodh ar siúl go luath i mí na Samhna.

Tá níos mó ná seoid ailtireachta i gceist le Ciorcal Liag na Gráinsí, is léargas é ar an am atá caite. Mar thoradh ar thochailtí táthar i ndiaidh teacht ar na mílte mionphíosaí de photaí briste eascra, cnámha ainmhithe agus nithe eile, rud a thugann le fios gur úsáideadh an ciorcal le haghaidh deasghnátha diaga.

Sa lá atá inniu ann, seasann sé mar léiriú ar an stair a thugann léargas do chuairteoirí ar bheatha agus ar chreideamh lucht na Cré-umhaoise a thóg é. Ní bailiúchán cloch amháin é Ciorcal Liag na Gráinsí, is cuid d’oidhreacht luachmhar agus ársa na hÉireann é.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh faisnéise a fháil ar Chiorcal Liag na Gráinsí

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol