Skip to content

Oidhreacht Éireann

Clocha Oghaim Bhaile an tSagairt

Ogham arna scríobh ar ghaineamhchloch uiscerollta ubhchruthach

Unguided sites

Baile an tSagair
Contae Chiarraí

Clocha Oghaim Bhaile an tSagairt

Ogham arna scríobh ar ghaineamhchloch uiscerollta ubhchruthach

Unguided sites

Baile an tSagair
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomharthaí Náisiúnta iad Clocha Oghaim Bhaile an tSagairt atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Tabhair do d’aire go bhfuil an séadchomhartha seo suite i bpáirc feirmeoireachta*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Clocha Oghaim Bhaile an tSagairt

Bhíodh mainistir Luath-Chríostaí i mBaile an tSagairt, áit atá suite an-ghar do Ráschúrsa Dhaingean Uí Chúis, cúpla ciliméadar soir ó bhaile Dhaingean Uí Chúis. Is dócha gur bhain sí leis an 5ú céad. Níl dada fágtha den séipéal ach imfhálú cré beag cruinn atá thart ar 30 méadar ar trastomhas. Tá na bunfhoirgnimh adhmaid ar shiúl le fada an lá agus, má cuireadh foirgnimh chloiche ina n-áit ní b’fhaide anonn, rud a dhéantaí go minic, níl siad ann a thuilleadh. Is as an seansuíomh eaglaise seo a thagann logainm an bhaile fearainn: Baile an tSagairt.  Tugtar ainmneacha eile ar an suíomh i nGaeilge na háite, mar atá, an Cheallúnach agus an Lisín. Cuireadh deireadh le Baile an tSagairt mar láthair mhainistreach, ach baineadh úsáid as i gcomhair adhlacthaí ar feadh seal fada ina dhiaidh sin, adhlacthaí páistí nár baisteadh go háirithe. Leanadh leis an gcleachtas sin anuas go dtí na 1930idí ar a laghad.

Is iad na naoi gcloch oghaim an ghné is suntasaí den suíomh. Seanaibitír Ghaeilge é ogham agus is é an fhoinse scríofa Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn é. Maidir leis an oghamchraobh, gearradh línte ar an gcoslíne lárnach, trasna na coslíne lárnaí nó ar an dá thaobh den choslíne lárnach. B’iondúil gur scríobhadh ogham go hingearach agus léitear ón mbun aníos é. Tá dealramh air gur cuireadh na clocha oghaim seo in airde mar leaca cuimhneacháin nó mar mharcóirí críche. Is gnách go mbíonn ainm duine orthu agus go mbíonn foirmle chaighdeánach, ar nós an chinn seo a leanas, le sonrú: “X mac Y, duine de threibh Z”. Cé gur dearadh an aibítir don Ghaeilge, is ann do roinnt inscríbhinní oghaim i Laidin in Éirinn fosta. Tá thart ar 400 inscríbhinn oghaim fós ann. Tá timpeall 350 díobh le fáil in Éirinn. Tá an chuid is mó de na clocha oghaim lonnaithe i gContae Chorcaí, i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Láirge. Thángthas ar 50 inscríbhinn oghaim nó mar sin thall sa Bhreatain; tá clocha oghaim suite sa Bhreatain Bheag, in Albain, ar Oileán Mhanann, i gCorn na Breataine agus in iarthar Shasana.

Tá na naoi gcloch oghaim i mBaile an tSagairt déanta as gaineamhchlocha uiscerollta ubhchruthacha móra. Fuarthas na clocha úd ar Thrá na Mine Airde, píosa eile soir ó Leithinis Dhaingean Uí Chúis. Tá crosa simplí greanta ar cheithre cinn de na naoi gcloch freisin. Tá tagairt i roinnt de na clocha freisin don treibh nó don chlann, DOVINIAS (Dhuibhne). Corca Dhuibhne an t-ainm atá ar an nGaeltacht áitiúil.

Seo a leanas na hinscríbhinní ar na naoi gcloch oghaim:

AKEVRITTI (ainm pearsanta is dócha)

MAQQI-IARI KOỊ MA/QQI MU/CCOI DOVVINIAS (Curtha anseo tá Mac-Iair, mac Chorcu Duibne)

DOVETI MAQQI/ CATTI/NI (Dhuibthe, mac Chaitne). Teanga ársa í an teanga a úsáidtear anseo. Níl aon chaschlaochlú guta i gceist. Dá bhrí sin, is le ré Naomh Pádraig a bhaineann sí

SUVALLOS MAQ/Q̣Ị DU/COVAROS (Shuvallos, mac Dhucovaros)

ṂẠQI-DECC[E]DẠ/ ṂẠQ̣Ị/ GLASICONAS (mhac Dheichet, mac Ghlasiconas). Is é “faolchú liath” an chiall atá leis an ainm pearsanta, Glasiconas.

TRIA MAQA MAILAGNI (thriúr mac Mhaílagnas) / CURCITTI (Chuircthe). Tá cros choimhthíoch ar an gcloch seo: tá na lámha ar comhfhad, tá cruth “E” ag ceann péire acu, tá “Y” ag ceann eile agus tá “+” ag an gceann eile.

INISSIO/NAS (ainm pearsanta); baineann sí leis an 5ú céad AD, macasamhail CIIC 157

CUṆẠMAQQ̣I/ AVI CỌRBBI (Chonmac, garmhac Chorb)

N[E]TTA-LAMINACCA KO/I ṂA/QQI MỤCOI DOṾ[I]Ṇ[IA]Ṣ (curtha anseo tá laoch Laminacca, mac Chorcu Duibne)

Amharc ar https://ogham.celt.dias.ie/menu.php?&lang=ga chun níos mó eolais a fháil faoi na clocha seo agus faoi na hinscríbhinní atá orthu.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chlocha Oghaim Bhaile an tSagairt

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol