Clocha Oghaim Dhún Lóich
Clocha Ogham a úsáideadh tráth freisin chun díon ar uaimh thalún mheánaoiseach a thógáil
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit iad Clocha Oghaim Dhún Lóich
*Tabhair do d’aire go bhfuil an séadchomhartha seo suite ar pháirc feirmeoireachta, agus tá an rochtain díreach taobh amuigh den phríomhbhóthar ar an gcor*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Clocha Oghaim Dhún Lóich
Is grúpa d’ocht gcloch ogham iad Clocha Oghaim Dhún Lóich atá lonnaithe anois i gCúil Má Gort, 1km ó dheas ó bhaile Beaufort i gContae Chiarraí. Thángthas ar sheacht gcinn de na clocha sa bhliain 1838 i gCúil Má Gort, áit ar baineadh úsáid astu arís mar lindéir chun díon cloiche a thógáil le haghaidh uaimh thalún luath-mheánaoise, fiche nó tríocha bliain nó na céadta bliain fiú tar éis iad a bheith snoite. (Is pasáistí faoi thalamh iad uaimheanna talún a tógadh sa tréimhse luath-mheánaoiseach lena n-úsáid mar shiléir chun bia a stóráil, ach a d’fhéadfadh a bheith méadaithe faoi dhó mar dhídean ceilte in aimsir ghéarchéime). Thángthas ar an gcloch a bhí fágtha, atá suite ar thaobh na láimhe clé den leagan amach anois, i bhfothrach eaglaise meánaoisí i gCill Bhláin.
Seanaibitír Ghaeilge é ogham agus is é an fhoinse scríofa Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn é. Maidir leis an oghamchraobh, gearradh línte ar an gcoslíne lárnach, trasna na coslíne lárnaí nó ar an dá thaobh den choslíne lárnach. B’iondúil gur scríobhadh ogham go hingearach agus léitear ón mbun aníos é. Tá dealramh air gur cuireadh clocha oghaim in airde mar leaca cuimhneacháin nó mar mharcóirí críche. Is gnách go mbíonn ainm duine orthu agus go mbíonn foirmle chaighdeánach, ar nós an chinn seo a leanas, le sonrú: “X mac Y, duine de threibh Z”. Cé gur dearadh an aibítir don Ghaeilge, is ann do roinnt inscríbhinní oghaim i Laidin in Éirinn fosta. Tá thart ar 400 inscríbhinn oghaim fós ann. Tá timpeall 350 díobh le fáil in Éirinn. Tá an chuid is mó de na clocha oghaim lonnaithe i gContae Chorcaí, i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Láirge. Thángthas ar 50 inscríbhinn oghaim nó mar sin thall sa Bhreatain; tá clocha oghaim suite sa Bhreatain Bheag, in Albain, ar Oileán Mhanann, i gCorn na Breataine agus in iarthar Shasana.
Léitear na hinscríbhinní ar na clocha (a uimhrítear ón taobh clé agus tú ag dul isteach san imfhálú) mar a leanas:
1 – Tá trí inscríbhinn ar leith ar chloch Chill Bhláin.
(Inscríbhinn ar thaobh na láimhe clé) NAGỤN[I(?)] M[U(?)]C̣[O(?)] B[AI(?)]D[A]N[I(?)] – “… mac le Baidagni”
(Inscríbhinn sa lár): NIR[???]MṆ[I]DAGNIESSICONIDDALA/ AMIT BAIDAGNI – “ …. …. …. Baidagni”
(Inscríbhinn ar thaobh na láimhe deise): B[AID(?)]AGNỊ ṂAQ̣I ADDỊLONA – “Baidagni mac le Addilona”
2 – NIỌTTVRẸCC MAQỊ/ … G̣NỊ – “… as Nad-Froích mac le …”
3 – MAQI-TTAL MAQI VORGOS MA/QI MU/COI TOICAC – ” …as Mac-Táil mac le Fuirg de shliocht Toicacas …”
4 – MAQI-RITEAS MAQI MAQI-DDUMILEAS/ MUCOI TOICACI – “… as Mac-Rithe mac le Mac-Duimle de shliocht Toicacas …”
5 – DEGO{S} MAQI MOCOI TOICAKI – ” … as Daig mac le duine de shliocht Toicacas”
6 – CUNACENA … – “as Conchenn”
7 – … ṂC̣ … G̣Ẹ?̣ … / Ṃ[A(?)]Q̣ … Ḍ/ … Ẹ?̣ – “ MC … GE … mac le … D … E”
8 – MAQI-DECEDA MAQ̣[I] – “as Mac-Deichet mac le …”
Tagraíonn trí cinn de na clocha don ainm Toicacas a d’fhéadfadh tagairt a dhéanamh do threibh nó clann ársa Gaelach ar a dtugtar Tóecraighe. Leagadh na clocha Oghaim amach ina riocht reatha in 1945.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chlocha Oghaim Dhún Lóich
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 7.4 km ón Clocha Oghaim Dhún Lóich
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 31.5 km ón Clocha Oghaim Dhún Lóich
Oileán an Chuilinn
Gairdín oileánda ina bhfuil áilleacht uathúil
Timpeall 36.5 km ón Clocha Oghaim Dhún Lóich
Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach
Timpeall 43.9 km ón Clocha Oghaim Dhún Lóich
Teach Dhónaill Uí Chonaill – Tigh Mór Dhoire Fhíonáin
Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
Timpeall 47.5 km ón Clocha Oghaim Dhún Lóich
Ionad an Bhlascaoid
An scéal a bhaineann le pobal uathúil oileánda
Timpeall 57.1 km ón Clocha Oghaim Dhún Lóich