Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach agus Séipéal Thigh Tua

Is é ab Chluain Mhic Nóis: Naomh Tua a bhunaigh é

Unguided sites

Tigh Tua
Contae Chill Dara

Cloigtheach agus Séipéal Thigh Tua

Is é ab Chluain Mhic Nóis: Naomh Tua a bhunaigh é

Unguided sites

Tigh Tua
Contae Chill Dara

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Cloigtheach Thigh Tua atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach agus Séipéal Thigh Tua

Is é ab Chluain Mhic Nóis, Naomh Tua, ar a tugadh Ultan the Silent a thóg lonnaíocht mhainistreach Thigh Tua sa 8ú haois. Ba ghné sábháilteachta a raibh gá léi an cloigtheach le haghaidh gach lonnaíochta mhainistreach a raibh rath airgeadais orthu, toisc gur ann a stóráladh rachmas na lonnaíochta nuair a rinne na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh ionsaithe. Le haolchloch a tógadh an cloigtheach; tá cúig stór ann agus é beagnach 20 m ar airde. Tá an doras isteach 3.5 m ó leibhéal na talún, agus na hurláir taobh istigh déanta as adhmad, agus solas aige ó fhuinneog amháin ar gach leibhéal. I lár an 19ú haois, úsáideadh urlár na talún chun gual a stóráil ach cuireadh deireadh leis sin in 1886 nuair a rinneadh séadchomhartha náisiúnta den chloigtheach. Tá an liag mhullaigh chónúil ar iarraidh ón gcloigtheach sin ach tá bail mhaith air seachas sin.

Tógadh an Séipéal, sa lonnaíocht mhainistreach chéanna leis an gcloigtheach, in 1831 tar éis tabhartas £830 a fháil ón Board of First Fruits, mar chuid de chlár atógála an tséipéil, ach tréigeadh é in 1871, mar gheall nach raibh dóthain daoine sa pharóiste. Struchtúr dronuilleogach atá sa séipéal lena aghaidh ó thuaidh lámh soir ó thuaidh go ó dheas lámh siar ó dheas. Tógadh é ar láthair séipéil a bhí ann roimhe sin, ach níl aon chuid de sin le feiceáil anois. Tá ceithre thúr ochtagánacha ar gach coirnéal den séipéal. Timpeall ar an séipéal agus an cloigtheach tá reilig, agus is adhlacthaí ón 17ú agus 18ú haois den chuid is mó atá ansin.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloigtheach agus Séipéal Thigh Tua

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol