Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cloigtheach, Séipéal agus Ardchros Chluain Eois

Cuid de lonnaíocht mhainistreach luath a bhunaigh Naomh Tighernach

Unguided sites

An Chrois Mhaol
Contae Mhuineacháin

Cloigtheach, Séipéal agus Ardchros Chluain Eois

Cuid de lonnaíocht mhainistreach luath a bhunaigh Naomh Tighernach

Unguided sites

An Chrois Mhaol
Contae Mhuineacháin

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta é Cloigtheach agus Séipéal Chluain Eois atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Cloigtheach, Séipéal agus Ardchros Chluain Eois

Bhunaigh Naomh Tighernach lonnaíocht mhainistreach luath Chluain Eois sa 6ú haois. Bhí Naomh Tighernach ina Easpag ar an gClochar, agus ina easpag ar Chluain Eois, tar éis dó cuid mhaith míorúiltí a dhéanamh timpeall na hÉireann, na Breataine, agus na Fraince. Tagann bunús bhaile Chluain Eois ón séipéal ársa a bhunaigh Naomh Tighernach a ndeirtear gur bhaist Naomh Bríd é i gCill Dara.

Tá an doras isteach sa chloigtheach gaineamhchloiche ina bhfuil ceithre stór 1.5 m os cionn leibhéal na talún, agus é 23 m ar airde, agus a liag mhullaigh chónúil ar iarraidh. Le linn na 1840idí glanadh an taobh istigh den túr áit a bhfuarthas iarsmaí daonna faoin urlár ar leibhéal na talún. Creidtear gur tháinig na hiarsmaí ó reilig a bhí ann roimhe sin, agus gur os a cionn a tógadh an cloigtheach.

Tugann simplíocht an dorais agus na bhfuinneog scoilte le fios gur tógadh é go luath sa 10ú haois. Amach as na gnáth-fhuinneoga príomhairde atá suite faoin liag mhullaigh chónúil, níl ann ach ceann amháin acu, an fhuinneog ar an taobh thoir. Ba ghné shábháilteachta a raibh gá léi an cloigtheach i ngach lonnaíocht mhainistreach a bhí faoi rath airgid, toisc gurbh ann a stóráladh rachmas na lonnaíochta tráth ionsaithe ó na hÉireannaigh agus na Lochlannaigh. Thug na Lochlannaigh ruathar faoi Chluain Eois agus ghoid siad as in 836AD, agus scrios tine é in 1095, atógadh é agus scrios tine arís é in 1184.

An mhainistir a bhunaigh Naomh Tighernach, ba í sin mainistir Agaistíneach Naomh Peadar agus Pól sna 1140idí. Bhí cóip de na Soiscéil sa mhainistir uair amháin, cóip a thug Naomh Pádraig go Naomh Mac Caorthainn, ar ar tugadh An Domhnach. Gabhann dátaí an tséipéil ó lár an 12ú haois. Creidtear gur tógadh an séipéal don Ord Agaistíneach de na Canónaigh Rialta thart ar 1150.

Bronnadh loghanna ar an mainistir in 1414, agus faoi 1586 fuair Sir Henry Duke an limistéar ar léas ón gCoróin. Fuair muintir Barret-Leonard an áit le hoidhreacht agus choinnigh siad é isteach sa 19ú haois.

Tá an Ardchros suite, leis na cianta, ag an Diamant sa Chrois Mhaol. Tá Ceann agus Cos Croise dhá Ardchros éagsúla sa chros.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chloigtheach agus Séipéal Chluain Eois

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol