Skip to content

Oidhreacht Éireann

Cnoc na Riabh – Tuama Bhanríon Medb

Tuama oiriúnach do Bhanríon agus Gaiscíoch

Unguided sites

Cnoc na Riabh Theas, Co. Shligigh

Cnoc na Riabh – Tuama Bhanríon Medb

Tuama oiriúnach do Bhanríon agus Gaiscíoch

Unguided sites

Cnoc na Riabh Theas, Co. Shligigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Cnoc na Riabh atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

Cnoc na Riabh – Tuama Bhanríon Medb

Suite laistigh de thírdhreach thuama pasáiste Chnoc na Riabh i Sligeach, tá carn atá 35 troigh in airde agus 200 troigh ar trastomhas, agus banlaoch ceaptha a bheith adhlactha faoi.

Deirtear gurb é seo áit adhlactha na Banríona Medb, badhbh finscéalach an Mhiotais Cheiltigh a thagann isteach sa Rúraíocht. Is í Medb príomhphearsa na heipice Táin Bó Cuailnge, agus í ag troid i gcoinne fhórsaí Uladh chun críche seilbh a ghlacadh ar tharbh donn Chuailnge.

Is iomaí leagan atá ann dá hainm: Maedhbh, Méabh, agus Maeve; é sin ráite, is cosúil gurb é an leagan sean-Ghaeilge, Medb, an bunleagan.

Is dócha go dtéann an carn chomh fada siar go dtí an tréimhse chéanna le Sí an Bhrú, agus sa bhliain 2021 rinneadh iarracht Stádas Oidhreachta Domhanda EOECNA a bhaint amach don charn agus do na tuamaí satailíte i gCnoc na Riabh. Faoi láthair tá sé ar an liosta sealadach, agus má éiríonn leis an iarracht beidh sé ar an gceathrú maoin EOECNA ar oileán na hÉireann.

Tá an carn nasctha le tuamaí pasáiste comhchosúla, Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Caoile agus na Ceathrún Móire mar shampla, trína naisc mhiotaseolaíocha agus trína dtábhacht deasghnátha.

Níor leagadh lámh ar thaobh istigh an chairn seo, arb as aolchloch é den chuid is mó, mar sin, ní fios fós faoin méid… nó faoin duine… atá taobh istigh.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh faisnéise a fháil ar Chnoc na Riabh

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol