Cros Bhán Áth Carn
Cros chuimhneacháin arna cur in airde ag bean i gcuimhne ar a fear céile
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Cros Áth Carn atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Cros Bhán Áth Carn
Cuireadh an chros cois bóthair seo in airde thart faoin mbliain 1600. Ba í an Bhantiarna Jennet Dowdall a chuir in airde í i gcuimhne ar a fear céile, William Bathe.
Breitheamh na gCaingne Coiteanna (Cúirt an Dlí Choitinn) ab ea William Bathe ó 1581 amach. Fuair sé bás sa bhliain 1599. Ba é William an tríú fear céile a bhí ag Jennet Dowdall.
Tá íomhá de chéasadh Chríost ar aghaidh na croise gaineamhchloiche atá ag amharc i dtreo an bhóthair. Tá íomhá den Mhaighdean Mhuire agus den leanbh ar a cúl, agus tá armas mhuintir Bathe agus mhuintir Dowdall ag an mbun.
De réir cruinniú imeachtaí sa bhliain 1916, tógadh an chros isteach i mbinn teachín thréigthe. Chuir Jennet dhá chros eile in airde sa cheantar in ómós dá fear céile – ardchros i nDiméin an Locháin Mhóir agus ceann i nDamhliag a bhí sa phéire eile.
Caomhnaíodh Cros Bhán Áth Carn mar Shéadchomhartha Náisiúnta sa bhliain 1935.
Bhí baint ag Caisleán Áth Carn le muintir Bathe/Dowdall freisin óir tógadh sa bhliain 1590 é faoi choinne William.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chros Áth Carn
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne: Sí an Bhrú, Cnóbha agus Dubhadh
Tabhair cuairt ar an tírdhreach seandálaíochta is saibhre in Éirinn
Timpeall 7.3 km ón Cros Bhán Áth Carn
Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid
Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa
Timpeall 10.8 km ón Cros Bhán Áth Carn
Teamhair
Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe
Timpeall 12.0 km ón Cros Bhán Áth Carn
Láithreán Mainistreach Chistéirseach na Seanmhainistreach Móire
Tabhair cuairt ar an gcéad áit a bhunaigh na Cistéirsigh in Éirinn
Timpeall 12.9 km ón Cros Bhán Áth Carn
Caisleán Bhaile Átha Troim
An siombal is mó le rá de chaithréim na Normannach
Timpeall 23.9 km ón Cros Bhán Áth Carn
Caisleán Mhaigh Nuad
Spléachadh ar shaol i ndaingean Normannach
Timpeall 29.0 km ón Cros Bhán Áth Carn