Skip to content

Oidhreacht Éireann

Droichead na Gairfeanaí

An t-aon droichead in Éirinn dearbhaithe ina Shéadchomhartha Náisiúnta

Unguided sites

An Ghairfeanaigh
Contae Chiarraí

Droichead na Gairfeanaí

An t-aon droichead in Éirinn dearbhaithe ina Shéadchomhartha Náisiúnta

Unguided sites

An Ghairfeanaigh
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Droichead na Gairfeanaí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Droichead na Gairfeanaí

Is droichead meánaoiseach é Droichead na Gairfeanaí a thrasnaíonn Abhainn na Gairfeanaí, timpeall 2.5km soir ó thuaidh ó bhaile Dhaingean Uí Chúis. Ceaptar gur tógadh an droichead sa 14ú nó 15ú haois, agus deirtear gurb é an droichead is sine in Éirinn é. Is é an t-aon droichead é a d’fhógair Rialtas na hÉireann mar Shéadchomhartha Náisiúnta.

Tógadh áirse an droichid ag baint úsáid as clocha gathacha coinnithe le chéile ag baint úsáid as teicníc choirbéalta, agus tá an droichead éirithe in airde go 3 mhéadar os cionn leibhéal uisce na habhann. Tá an droichead 16 mhéadar ar fad agus 2.5 méadar ar leithead. Bhí dromchla an bhóthair trasna cheann an droichid pábháilte le leaca cloiche singile agus tógadh dhá bhalla ísle ar gach taobh den droichead ag baint úsáid as teicnící cloiche tirime freisin.

De réir an tseanchais áitiúil thrasnaigh arm Sasanach le 800 fear, faoi cheannas an Bharúin Arthur Grey, Fear Ionaid na hÉireann, an droichead ar an mbealach chun ionsaí a dhéanamh ar an ngarastún ag dún cinn tíre Dhún an Óir i mí na Samhna 1580 le linn an Dara hÉirí Amach i nDeasumhain. Bhí an droichead in úsáid go laethúil go dtí an 19ú haois nuair a thosaigh sé ag dul in olcas le méadú ar líon an tráchta agus cuireadh droichead níos nua-aimseartha ina áit a tógadh achar gairid suas an abhainn.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol