Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Dún an Mhúcháin atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Dún an Mhúcháin
Dún, níos lú ná 3 km ó Chora Chaitlín, le radhairc ar an bhForghas agus ar inbhear na Sionainne. Is ó dheireadh na Cré-Umhaoise an dún seo, agus dátú radacarbóin a rinneadh ar na ballaí cosanta ag léiriú go raibh sé ann sa dá scór bliain deiridh den 10ú haois. Mar chuid den Chlár Fionnachtana, i gcomhar le Tionscadal Thuaisceart na Mumhan, tugadh faoi shuirbhé agus tochailt ar an láthair seo idir 1992 agus 1994. Feictear difríochtaí san atógáil a rinneadh le himeacht ama, go háirithe i dtógáil an chaisil/dúin.
Meastar gur limistéar beannaitheachta a bhí sa chuid istigh den dún seo, ar chúl na mballaí cosanta, áit a mbíodh searmanais agus ina gcruinníodh daoine le chéile d’ócáidí speisialta. Tá struchtúir eile sa láithreán seo freisin, ina measc carn, caisil/dúin, imfháluithe agus tithe cruinne nach bhfuil dúnta isteach. Tugtar le fios leo sin go raibh údarás agus cumhacht ag Múchán, rud a atreisítear tuilleadh leis an taisce óir ón láithreán seo atá anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus i Músaem na Breataine. Áirítear leis an taisce fonsaí simplí óir, bráisléid, tinní agus toirc.
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Dhún an Mhúcháin
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Mainistir na hInse
Féach le haoibhneas ar shnoiteáin fhíoráille na hAthbheochana
Timpeall 9.9 km ón Dún an Mhúcháin
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 21.2 km ón Dún an Mhúcháin
Caisleán Áth Dara
Sárshaothar meánaoiseach, a tógadh mar chosaint
Timpeall 24.9 km ón Dún an Mhúcháin
Ionad Cuairteoirí agus Páirc- Cois Locha Loch Goir
9,000 bliain den saol
Timpeall 37.6 km ón Dún an Mhúcháin
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 38.8 km ón Dún an Mhúcháin
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 47.1 km ón Dún an Mhúcháin